+Airteagal 4 Struchtúr
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 2a.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 3a.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.

Airteagal 4 Struchtúr

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Beidh Bord Ginearálta, Coiste Stiúrtha, Rúnaíocht, Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Coiste Comhairleach Teicniúil ag an BERS.
Airteagal 4 2.
Déanfaidh an Bord Ginearálta na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cúraimí a chuirfear ar an BERS de bhun Airteagal 3(2).
Airteagal 4 2a.
Nuair a rachfar i gcomhairle leis faoi cheapadh cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle ( 1 ), déanfaidh an Bord Ginearálta measúnú, tar éis nós imeachta oscailte trédhearcach, i dtaobh an bhfuil na cáilíochtaí, an neamhchlaontacht agus an taithí is gá chun an Rúnaíocht a bhainistiú ag na hiarrthóirí ar an ngearrliosta le haghaidh phost cheann na Rúnaíochta. Cuirfidh an Bord Ginearálta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas le mionsonraí leordhóthanacha faoin nós imeachta measúnaithe agus comhairliúcháin.
Airteagal 4 3.
Tabharfaidh an Coiste Stiúrtha cúnamh maidir le próiseas cinnteoireachta an BERS trí chruinnithe an Bhoird Ghinearálta a ullmhú, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid a bheidh le plé agus trí fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn obair leanúnach an BERS.
Airteagal 4 3a.

Agus treoracha á dtabhairt do cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle, féadfaidh an Cathaoirleach agus an Coiste Stiúrtha aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a) 

bainistiú na Rúnaíochta ó lá go lá;

(b) 

aon saincheisteanna riaracháin agus buiséadacha a bhaineann leis an Rúnaíocht;

(c) 

comhordú agus ullmhú obair agus chinnteoireacht an Bhoird Ghinearálta;

(d) 

ullmhú thogra chlár bhliantúil BERS agus a chur chun feidhme;

(e) 

ullmhú na tuarascála bliantúla faoi ghníomhaíochtaí BERS agus an tuairiscithe chuig an mBord Ginearálta maidir le cur chun feidhme an chláir bhliantúil.

Airteagal 4 4.
Beidh an Rúnaíocht freagrach as gnó an BERS ó lá go lá. Tabharfaidh sí tacaíocht ard-cháilíochta anailíseach, staidrimh, riaracháin agus loighistiúil don BERS faoi stiúir an Chathaoirligh agus an Choiste Stiúrtha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle ( 2 ). Bainfidh sí leas freisin as comhairle theicniúil ó na ÚMEanna, ó na bainc cheannais náisiúnta agus ó na maoirseoirí náisiúnta.
Airteagal 4 5.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch agus an Coiste Comhairleach Teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 comhairle agus cúnamh maidir le saincheisteanna is ábhartha d’obair an BERS.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1092
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.