+Airteagal 8 Sicréideacht ghairmiúil
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 2a.
---+Airteagal 8 2b.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.

Airteagal 8 Sicréideacht ghairmiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Ní dhéanfaidh aon chomhaltaí den Bhord Ginearálta ná duine ar bith eile a oibríonn nó a d’oibrigh don BERS nó a dhéanann nó a rinne obair a bhaineann leis an BERS (lena n-áirítear foireann ábhartha na mbanc ceannais, an Choiste Chomhairligh Eolaíoch, an Choiste Chomhairligh Theicniúil, na ÚMEanna agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla na mBallstát) faisnéis atá faoi réir na sicréideachta gairmiúla a nochtadh, fiú amháin tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

Ní dochar an mhír seo do na pléití rúnda ó bhéal a tionóladh i gcomhréir le hAirteagal 19(5).

Airteagal 8 2.
Ní fhéadfar faisnéis a gheobhaidh comhaltaí den BERS a úsáid ach amháin i gcúrsa a ndualgas agus le linn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a chomhlíonadh.
Airteagal 8 2a.
Féadfaidh comhaltaí BERS ó bhainc ceannais náisiúnta, údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh, ina gcáil mar chomhaltaí BERS, faisnéis a thabhairt d’údaráis náisiúnta nó do chomhlachtaí atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais nó le socruithe náisiúnta, ar faisnéis í a bhaineann le déanamh na gcúraimí atá de chúram ar BERS agus atá riachtanach chun cúraimí reachtúla na n-údarás nó na gcomhlachtaí sin a fheidhmiú, ar choinníoll go mbunófar a dhóthain cosaintí chun lán-urraim ar dhlí ábhartha an Aontais agus ar shocruithe náisiúnta a áirithiú.
Airteagal 8 2b.
I gcás ina dtagann faisnéis ó údaráis eile seachas na húdaráis dá dtagraítear i mír 2a, ní dhéanfaidh comhaltaí BERS ó bhainc ceannais náisiúnta, údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh an fhaisnéis sin a úsáid chun a gcúraimí reachtúla a fheidhmiú ach amháin le comhaontú follasach na n-údarás sin.
Airteagal 8 3.
Gan dochar d’Airteagail 15 agus 16 agus do chur i bhfeidhm an dlí choiriúil, ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 1 le linn a ndualgais a chomhlíonadh a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán atá de chineál a fhágann nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.
Airteagal 8 4.
Déanfaidh an BERS, in éineacht leis na ÚMEanna, nósanna imeachta sonracha rúndachta a chomhaontú agus a bhunú chun coimirciú a dhéanamh ar fhaisnéis faoi institiúidí airgeadais aonair agus ar fhaisnéis inar féidir institiúidí airgeadais aonair a aithint, agus bunóidh sé na nósanna imeachta sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1092
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.