|
+Airteagal 59 3. |
Airteagal 59 3.Chun críocha mhír 1, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
cibé acu a bhí nó nach raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, cibé acu a éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó cibé acu a bhí nó nach raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)
cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(g)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(h)
leibhéal comhoibrithe an duine atá freagrach as an sárú le ESMA, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin a áirithiú;
(i)
sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
aon bhearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|