+Airteagal 59 Bearta maoirseachta ESMA
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
|
Airteagal 59 Bearta maoirseachta ESMA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 59 1.
|
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 63(8), go bhfaigheann ESMA amach go ndearna duine sárú a liostaítear in Airteagal 60(1), glacfaidh sé cinneadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
(a)
clárú an athbhreithneora;
(b)
aitheantas athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a tharraingt siar;
(c)
toirmeasc sealadach a chur ar an athbhreithneoir seachtrach maidir leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a shaothrú ar fud an Aontais, go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú;
(d)
clárú athbhreithneora sheachtraigh tríú tír a chur ar fionraí;
(e)
an duine a cheangal deireadh a chur leis an sárú;
(f)
fíneálacha a fhorchur de bhun Airteagal 60;
(g)
íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagal 61;
|
|
Airteagal 59 2.
|
Tarraingeoidh ESMA siar clárú nó aitheantas athbhreithneora sheachtraigh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)
thréig an t-athbhreithneoir seachtrach an clárú nó an t-aitheantas go sainráite nó níor bhain sé úsáid as an gclárú ná as an aitheantas laistigh de 36 mhí tar éis clárú nó aitheantas a bheith deonaithe;
(b)
fuair an t-athbhreithneoir seachtrach an clárú nó an t-aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar mhodh neamhrialta éigin eile;
(c)
ní chomhlíonann an t-athbhreithneoir seachtrach na coinníollacha faoinar cláraíodh é nó faoina bhfuair sé aitheantas a thuilleadh.
I gcás ina dtarraingeoidh ESMA siar clárú nó aitheantas an athbhreithneora sheachtraigh, soláthróidh sé cúiseanna iomlána lena chinneadh. Beidh éifeacht láithreach ag an aistarraingt.
|
|
Airteagal 59 3.
|
Chun críocha mhír 1, cuirfidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
cibé acu a bhí nó nach raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, cibé acu a éascaíodh nó nár éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó cibé acu a bhí nó nach raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)
cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(g)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(h)
leibhéal comhoibrithe an duine atá freagrach as an sárú le ESMA, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin a áirithiú;
(i)
sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
aon bhearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.
|
|
Airteagal 59 4.
|
Gan moill mhíchuí, tabharfaidh ESMA fógra faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar de bhun mhír 1 don duine atá freagrach as an sárú, agus cuirfidh sé an ghníomhaíocht sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomhaíocht den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1. Áireofar an méid seo a leanas leis an nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;
(c)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Bord Achomhairc ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|