+Airteagal 10 4

Airteagal 10 4

4.   Bunóidh ESMA socruithe comhair leis na húdaráis inniúla tríú tír ar aithníodh go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn tráthrialta agus ad hoc idir ESMA agus na húdaráis inniúla tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha uile a iarrann EMSA maidir leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin;

(b)

an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír i dtaca leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin agus faoi mhaoirseacht ag an údarás inniúil tríú tír sin go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le húdarú nó le clárú an tsoláthraí rátála ESG á sárú ag an soláthraí sin, nó go bhfuil forálacha eile den dlí náisiúnta sa tríú tír sin á shárú aige;

(c)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair;

(d)

an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina ndéanann údarás inniúil tríú tír aon ghníomhaíochtaí rialála nó maoirseachta i ndáil leis an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin, lena n-áirítear aon athrú a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme a bheith á gcomhlíonadh go leanúnach ag an soláthraí rátála ESG;

(e)

an sásra chun fógra pras a thabhairt don údarás inniúil tríú tír i gcás ina n-eisíonn ESMA fógra poiblí i gcomhréir le hAirteagal 35 chuig an soláthraí rátála ESG atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin.

Chun críche na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás ina gcuirtear ESMA ar an eolas nach gcomhlíonann soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas na coinníollacha a thuilleadh chun bheith údaraithe nó cláraithe ina thríú thír údaraithe nó clárúcháin, bainfidh ESMA é den chlár dá dtagraítear in Airteagal 14.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.