+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.

Airteagal 1 Ábhar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 1.

Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

oibleagáidí ar chuideachtaí maidir le drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus drochthionchair ar an gcomhshaol, i ndáil lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí, agus leis na hoibríochtaí arna ndéanamh ag a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí sin; agus

(b) 

dliteanas i leith sáruithe ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 1 2.
Ní bheidh an Treoir seo ina foras chun laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta do chearta an duine, do chearta fostaíochta agus sóisialta, ná do chosaint an chomhshaoil ná na haeráide dá bhforáiltear le dlí náisiúnta na mBallstát nó leis na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme tráth glactha na Treorach seo. Mar sin féin, ní chuirfidh an chéad abairt den mhír seo cosc ar na Ballstáit ó aon dlíthe náisiúnta i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach is infheidhme tráth glactha na Treorach seo a choigeartú, go háirithe a raon feidhme, d’fhonn iad a ailíniú leis an Treoir seo.
Airteagal 1 3.
Beidh an Treoir seo gan dochar d’oibleagáidí i réimsí chearta an duine, cearta fostaíochta agus sóisialta, chosaint an chomhshaoil agus an athraithe aeráide faoi ghníomhartha reachtacha eile an Aontais. Má thagann foráil de chuid na Treorach seo salach ar fhoráil de ghníomh reachtach eile de chuid an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna á saothrú aige agus ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí níos fairsinge nó níos sonraí, ba cheart forlámhas a bheith ag foráil an ghnímh reachtaigh eile sin an Aontais ar feadh na coinbhleachta agus beidh feidhm acu a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí sonracha sin.
Airteagal 1 4.
Ní dhéanann an Treoir seo difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta a bhaineann le hábhair seachas na hábhair sin a leagtar amach i mír 1. Go sonrach, ní dhéanann na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta a bhaineann le cearta an duine, cearta fostaíochta nó sóisialta, ná do chosaint an chomhshaoil agus an athraithe aeráide cé is moite d’oibleagáidí ginearálta díchill chuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.