|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig gach bliain, soláthróidh údaráis mhaoirseachta faisnéis don Údarás maidir le hathbhreithnithe maoirseachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a dhéanamh, ar bhonn téamach, le linn na bliana dár gcionn nó le linn an téarma maoirseachta agus arb é is aidhm dóibh measúnú a dhéanamh ar rioscaí ML/TF nó ar ghné shonrach de na rioscaí sin a bhfuil eintitis iomadúla faoi oibleagáid neamhchosanta orthu an tráth céanna. Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
(a)
raon feidhme gach athbhreithnithe théamaigh phleanáilte ó thaobh na catagóire agus an lín eintiteas faoi oibleagáid a áirítear agus ábhar an athbhreithnithe;
(b)
tráthchlár gach athbhreithnithe théamaigh phleanáilte;
(c)
saghsanna pleanáilte, cineál agus minicíocht na ngníomhaíochtaí maoirseachta atá le déanamh i ndáil le gach athbhreithniú téamach, lena n-áirítear aon chigireacht ar an láthair nó saghsanna eile idirghníomhaíochta dírí le heintitis faoi oibleagáid, i gcás inarb infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|