+Airteagal 9
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.

Airteagal 9

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.

Tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig gach bliain, soláthróidh údaráis mhaoirseachta faisnéis don Údarás maidir le hathbhreithnithe maoirseachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a dhéanamh, ar bhonn téamach, le linn na bliana dár gcionn nó le linn an téarma maoirseachta agus arb é is aidhm dóibh measúnú a dhéanamh ar rioscaí ML/TF nó ar ghné shonrach de na rioscaí sin a bhfuil eintitis iomadúla faoi oibleagáid neamhchosanta orthu an tráth céanna. Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a) 

raon feidhme gach athbhreithnithe théamaigh phleanáilte ó thaobh na catagóire agus an lín eintiteas faoi oibleagáid a áirítear agus ábhar an athbhreithnithe;

(b) 

tráthchlár gach athbhreithnithe théamaigh phleanáilte;

(c) 

saghsanna pleanáilte, cineál agus minicíocht na ngníomhaíochtaí maoirseachta atá le déanamh i ndáil le gach athbhreithniú téamach, lena n-áirítear aon chigireacht ar an láthair nó saghsanna eile idirghníomhaíochta dírí le heintitis faoi oibleagáid, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 9 2.
Faoi dheireadh gach bliana, déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis pleanáil chomhdhlúite, de na hathbhreithnithe téamacha a bheartaíonn na húdaráis mhaoirseachta a dhéanamh le linn na bliana dár gcionn, a chur faoi bhráid an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 9 3.
I gcás ina dtabharfar údar le comhordú ar leibhéal an Aontais le raon feidhme agus ábharthacht uile-Aontais na n-athbhreithnithe téamacha, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta ábhartha go comhpháirteach iad agus comhordóidh an tÚdarás iad. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin athbhreithnithe téamacha comhpháirteacha a mholadh bunaithe ar na hanailísí atá ar fáil ar bhagairtí, ar leochaileachtaí agus ar rioscaí sa mhargadh inmheánach. Déanfaidh an Bord Ginearálta, ina chomhdhéanamh maoirseachta, liosta a tharraingt suas d’athbhreithnithe téamacha comhpháirteacha. Déanfaidh an Bord Ginearálta ina chomhdhéanamh maoirseachta tuairisc a tharraingt suas a bhaineann le seoladh, ábhar agus toradh gach athbhreithnithe théamaigh chomhpháirtigh. Foilseoidh an tÚdarás an tuairisc sin ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 9 4.
Comhordóidh an tÚdarás gníomhaíochtaí na n-údarás maoirseachta agus éascóidh sé pleanáil agus forghníomhú na n-athbhreithnithe téamacha comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 3. Aon idirghníomhaíocht dhíreach le heintitis faoi oibleagáid seachas eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid i gcomhthéacs aon athbhreithnithe théamaigh, fanfaidh sí faoi fhreagracht eisiach an údaráis maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis sin faoi oibleagáid agus ní fhorléireofar í mar aistriú cúraimí ná cumhachtaí a bhaineann leis na heintitis sin laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT.
Airteagal 9 5.
I gcás nach mbeidh athbhreithnithe téamacha pleanáilte ar an leibhéal náisiúnta faoi réir cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais, féachfaidh an tÚdarás, i gcomhpháirt leis na húdaráis mhaoirseachta, an gá agus an bhféadfaí tráthchlár na n-athbhreithnithe téamacha sin a ailíniú nó a shioncronú, agus éascóidh sé malartú faisnéise agus cúnamh frithpháirteach idir údaráis mhaoirseachta a dhéanann na hathbhreithnithe téamacha sin. Éascóidh an tÚdarás aon ghníomhaíocht freisin is mian leis na húdaráis mhaoirseachta ábhartha a dhéanamh go comhpháirteach nó ar bhealach comhchosúil i gcomhthéacs a n-athbhreithnithe téamacha faoi seach.
Airteagal 9 6.
Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar torthaí agus conclúidí na n-athbhreithnithe téamacha a sheolann roinnt údaráis mhaoirseachta ar an leibhéal náisiúnta a chomhroinnt leis na húdaráis mhaoirseachta uile, seachas faisnéis rúnda a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid. Sa chomhroinnt faisnéise sin, áireofar aon chonclúid choiteann a thagann as malartuithe faisnéise nó as gníomhaíocht chomhpháirteach nó chomhordaithe lena mbaineann roinnt údaráis mhaoirseachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.