|
+Airteagal 11 6. |
Airteagal 11 6.Forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:
(a)
an nós imeachta, na formáidí agus na hamlínte chun faisnéis a tharchur de bhun mhíreanna 2 agus 3;
(b)
raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tarchur, agus idirdhealuithe ábhartha idir eintitis faoi oibleagáid, amhail a bpróifíl riosca, á gcur i gcuntas;
(c)
raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tarchur i ndáil le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais;
(d)
an cineál faisnéise ar gá toiliú a fháil roimh ré ón údarás maoirseachta a thionscain í chun go bhféadfaidh an tÚdarás í a nochtadh, de bhun iarraidh réasúnaithe nó ar a thionscnamh féin;
(e)
an leibhéal ábharthachta is gá a bheith ag sárú chun go mbeidh oibleagáid ar údarás maoirseachta faisnéis faoin sárú a tharchur de bhun mhír 2, pointe (c);
(f)
na coinníollacha faoina bhféadfaidh an tÚdarás breis faisnéise a iarraidh de bhun mhír 3;
(g)
na saghsanna faisnéise breise atá le tarchur chun an Údaráis de bhun mhír 3. Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 27 Nollaig 2025. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|