+Airteagal 11
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
|
Airteagal 11
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Déanfaidh an tÚdarás bunachar sonraí lárnach faisnéise a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta de bhun an Airteagail seo. Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis ar fáil d’údaráis mhaoirseachta, d’údaráis neamh-AML/CFT, d’údaráis náisiúnta eile agus do chomhlachtaí náisiúnta eile atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
), Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
), Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
), Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) nó Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
), agus do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, eadhon, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) (‘ÚMEnna’ i dteannta a chéile), ar bhonn riachtanais eolais agus rúnda, i gcás inar gá sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Déanfaidh an tÚdarás anailís freisin ar an bhfaisnéis a bhaileofar agus féadfaidh sé torthaí a anailíse a chomhroinnt ar a thionscnamh féin le húdaráis mhaoirseachta, i gcás ina n-éascófaí a ngníomhaíochtaí maoirseachta dá ndéanfaí amhlaidh, agus, i gcás inarb ábhartha, le heintitis faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Tarchuirfidh na húdaráis mhaoirseachta an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad chuig an Údarás, lena n-áirítear na sonraí a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid, ionas go gcuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis sin isteach sa bhunachar sonraí:
(a)
liosta de na húdaráis mhaoirseachta agus de na comhlachtaí féinrialála uile ina mBallstát ar cuireadh de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear faisnéis faoina sainordú, a gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint an phríomh-mhaoirseora nó an tsásra comhordúcháin;
(b)
faisnéis staidrimh i dtaobh catagóirí agus líon na n-eintiteas faoi oibleagáid faoi mhaoirseacht in aghaidh na catagóire ina mBallstát agus faisnéis bhunúsach i dtaobh phróifíl riosca na n-eintiteas sin;
(c)
na bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm agus na smachtbhannaí airgid a forchuireadh i gcúrsa maoirseacht a dhéanamh ar eintitis aonair faoi oibleagáid mar fhreagairt ar sháruithe ar cheanglais AML/CFT, agus an méid seo a leanas ag gabháil leo:
(i)
na forais leis an mbeart riaracháin a chur i bhfeidhm nó leis an smachtbhanna airgid a fhorchur, amhail cineál an tsáraithe;
(ii)
faisnéis ghaolmhar maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta agus na torthaí as ar eascair an beart riaracháin atá á chur i bhfeidhm nó an smachtbhanna airgid atá á fhorchur;
(d)
aon chomhairle nó tuairim a bhaineann le rioscaí ML/TF a sholáthraítear d’údaráis eile i ndáil le nósanna imeachta údarúcháin, aistarraingt nósanna imeachta údarúcháin, agus measúnuithe ‘cuí córa’ ar scairshealbhóirí nó comhaltaí de chomhlacht bainistíochta eintiteas aonair faoi oibleagáid;
(e)
torthaí a measúnuithe ar phróifílí riosca bhunúsaigh agus iarmharaigh na n-institiúidí creidmheasa agus na n-institiúidí airgeadais uile a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(1);
(f)
torthaí agus tuairiscí athbhreithnithe téamacha agus gníomhaíochtaí maoirseachta cothrománacha eile maidir le réimsí nó gníomhaíochtaí ardriosca;
(g)
faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta a rinne siad le bliain féilire anuas, arna bailiú de bhun Airteagal 40(5) de Threoir (AE) 2024/1640;
(h)
faisnéis staidrimh i dtaobh na foirne agus acmhainní eile maoirseoirí agus údarás maoirseachta.
Ní áireofar san fhaisnéis a sholáthrófar de bhun na chéad fhomhíre tagairt d’amhras sonrach arna thuairisciú de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1624. Iontrálfaidh an tÚdarás sa bhunachar sonraí, ina theannta sin, an fhaisnéis a eascraíonn óna ghníomhaíochtaí i réimse na maoirseachta dírí a chomhfhreagraíonn do na catagóirí faisnéise a liostaítear sa chéad fhomhír, chomh maith le torthaí an phróisis measúnaithe riosca a rinne an tÚdarás de bhun Airteagal 12.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis mhaoirseachta faisnéis eile a sholáthar i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta aon fhaisnéis a sholáthraítear a thabhairt cothrom le dáta a luaithe is gá sin nó ar iarraidh ón Údarás.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Iontrálfaidh an tÚdarás sa bhunachar sonraí aon sonraí nó faisnéis is ábhartha chun críocha gníomhaíochtaí maoirseachta AML/CFT arna soláthar ag údaráis neamh-AML/CFT, ag údaráis agus comhlachtaí náisiúnta eile atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais Threoir 2008/48/CE, Threoir 2009/110/CE, Threoir 2009/138/CE, Threoir 2014/17/AE, Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Threoir 2014/56/AE, Threoir 2014/65/AE nó Threoir (AE) 2015/2366, nó ag ÚMEnna. Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír cásanna ina bhfuil forais réasúnacha ag na húdaráis agus ag na comhlachtaí dá dtagraítear san fhomhír sin a bheith in amhras go bhfuiltear ag féachaint le ML/TF nó go bhfuiltear á dhéanamh nó go bhfuil riosca méadaithe ann ina leith i dtaca le heintiteas faoi oibleagáid, agus i gcás inar tháinig na forais réasúnacha sin chun cinn i gcomhthéacs fheidhmiú a gcúraimí faoi seach. Áireofar sa bhunachar sonraí chomh maith faisnéis ábhartha a fuair na húdaráis nó na comhlachtaí a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (
10
) lena n-áirítear BCE agus é ag gníomhú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i gcomhthéacs maoirseachta leanúnaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le measúnuithe ar shamhlacha gnó, measúnuithe ar shocruithe rialachais, nósanna imeachta údarúcháin, measúnuithe ar éadálacha sealúchas cáilitheach, measúnuithe ‘cuí córa’ agus nósanna imeachta a bhaineann le ceadúnais a tharraingt siar.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Féadfaidh na húdaráis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, iarraidh réasúnaithe ar fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo a dhíriú chun an Údaráis, más gá an fhaisnéis sin dá ngníomhaíochtaí maoirseachta. Déanfaidh an tÚdarás measúnú ar na hiarrataí sin agus soláthróidh sé an fhaisnéis a iarradh ar bhonn riachtanais eolais agus rúnda agus go tráthúil. Déanfaidh an tÚdarás an t-údarás nó an comhlacht, a sholáthair an fhaisnéis iarrtha ar dtús, a chur ar an eolas faoi chéannacht an údaráis nó an chomhlachta iarrthaigh, céannacht aon eintitis faoi oibleagáid lena mbaineann, an chúis atá leis an iarraidh ar fhaisnéis chomh maith le cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh an fhaisnéis don údarás nó don chomhlacht iarrthach. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gan an fhaisnéis iarrtha a chur ar fáil, soláthróidh sé údar réasúnaithe leis an gcinneadh sin.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Forbróidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:
(a)
an nós imeachta, na formáidí agus na hamlínte chun faisnéis a tharchur de bhun mhíreanna 2 agus 3;
(b)
raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tarchur, agus idirdhealuithe ábhartha idir eintitis faoi oibleagáid, amhail a bpróifíl riosca, á gcur i gcuntas;
(c)
raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tarchur i ndáil le heintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais;
(d)
an cineál faisnéise ar gá toiliú a fháil roimh ré ón údarás maoirseachta a thionscain í chun go bhféadfaidh an tÚdarás í a nochtadh, de bhun iarraidh réasúnaithe nó ar a thionscnamh féin;
(e)
an leibhéal ábharthachta is gá a bheith ag sárú chun go mbeidh oibleagáid ar údarás maoirseachta faisnéis faoin sárú a tharchur de bhun mhír 2, pointe (c);
(f)
na coinníollacha faoina bhféadfaidh an tÚdarás breis faisnéise a iarraidh de bhun mhír 3;
(g)
na saghsanna faisnéise breise atá le tarchur chun an Údaráis de bhun mhír 3.
Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 27 Nollaig 2025. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Féadfar sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhréir leis an Airteagal seo a choinneáil i bhfoirm inaitheanta ar feadh tréimhse suas le 10 mbliana tar éis don Údarás na sonraí a bhailiú, agus scriosfar na sonraí sin ag deireadh na tréimhse sin. Bunaithe ar mheasúnú tráthrialta ar a riachtanas, féadfar sonraí pearsanta a scriosadh sula rachaidh an tréimhse sin in éag ar bhonn cás ar chás.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|