|
+Airteagal 22 3. |
Airteagal 22 3.Déanfar méid bunúsach na smachtbhannaí airgid dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
(a)
le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglas amháin nó níos mó i ndáil le dícheall cuí do chustaiméirí, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uile-ghrúpa nó oibleagáidí tuairiscithe a sainaithníodh in dhá Bhallstát nó níos mó ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 000 nó 1 % den láimhdeachas bliantúil, cibé acu is airde;
(b)
le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglas amháin nó níos mó i ndáil le dícheall cuí do chustaiméirí, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha nó oibleagáidí tuairiscithe a sainaithníodh i mBallstát amháin ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000 ná 0,5 % den láimhdeachas bliantúil, cibé acu is airde;
(c)
le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais uile eile a sainaithníodh in dhá Bhallstát nó níos mó ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 000 ;
(d)
le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar na ceanglais uile eile a sainaithníodh i mBallstát amháin ina n-oibríonn eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000 ;
(e)
le haghaidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar chinntí an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sa mhéid agus ní rachaidh sé thar EUR 1 000 000 . 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|