+Airteagal 23
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
|
Airteagal 23
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil chun iallach a chur orthu seo a leanas:
(a)
eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid deireadh a chur le sárú, i gcás ina mainneoidh sé beart riaracháin arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 21(2), pointe (b), (d), (e) nó (f), agus Airteagal 21(3) a chomhlíonadh;
(b)
duine dá dtagraítear in Airteagal 17(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a ceanglaíodh le cinneadh de bhun Airteagal 6(1);
(c)
duine dá dtagraítear in Airteagal 17(1) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt ar aird agus faisnéis eile a sholáthraítear le linn imscrúdú a sheoltar de bhun Airteagal 18 a chomhlánú agus a cheartú.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Beidh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur go dtí go ndéanfaidh an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid nó an duine lena mbaineann an beart riaracháin ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 23 3.
|
D’ainneoin mhír 2, ní sháróidh méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, i gcás daoine dlítheanacha, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shocraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
|
|
Airteagal 23 4.
|
Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ón Údarás. I gcás, ar dhul in éag na tréimhse sin, nár chomhlíon an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid an beart riaracháin go fóill, féadfaidh an tÚdarás íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 6 mhí.
|
|
Airteagal 23 5.
|
Féadfar an cinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil a dhéanamh tráth níos déanaí le héifeacht chúlghabhálach suas go dtí dáta chur i bhfeidhm an bhirt riaracháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|