+Airteagal 37 2.

Airteagal 37 2.

Beidh an tÚdarás ábalta an fhaisnéis uile a mheasann an tÚdarás a bheith riachtanach dá imscrúdú a iarraidh ar an maoirseoir nó ar an údarás poiblí lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoi conas a dhéantar gníomhartha an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais, ach cé is moite d’fhaisnéis a chumhdaítear le pribhléid dhlíthiúil, mura bhfuil feidhm ag na díolúintí a leagtar amach in Airteagal 21(2), an dara fomhír, agus in Airteagal 70(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1624 agus in Airteagal 52(3), pointe (a), de Threoir (AE) 2024/1640.

Déanfaidh an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann, gan mhoill, an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil don Údarás.

Aon uair a chruthaítear nó a mheastar nach leor an fhaisnéis a iarrtar ar an maoirseoir nó ar an údarás poiblí lena mbaineann chun an fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach a fháil chun an sárú amhrasta a imscrúdú, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe, a dhíriú go díreach chuig maoirseoirí eile nó chuig údaráis phoiblí eile a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála.

Soláthróidh seolaí na hiarrata sin faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás gan moill mhíchuí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.