+Airteagal 37
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
|
Airteagal 37
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
I gcás ina bhfuil forais ag an Údarás chun bheith in amhras nach bhfuil gníomhartha an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo curtha i bhfeidhm ag maoirseoir seach-airgeadais nó ag údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála dá dtagraítear in Airteagal 52 de Threoir (AE) 2024/1640, nó go bhfuil siad curtha i bhfeidhm aige ar bhealach ina ndealraítear go sáraíonn sé dlí an Aontais, cuirfidh sé an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann ar an eolas faoi na sáruithe amhrasta sin agus déanfaidh sé imscrúdú orthu. Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh an tÚdarás gníomhú arna iarraidh sin do mhaoirseoir seach-airgeadais nó d’údarás poiblí amháin nó níos mó ná sin, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, nó ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil bunús maith léi ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha de bhun Airteagal 90.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Beidh an tÚdarás ábalta an fhaisnéis uile a mheasann an tÚdarás a bheith riachtanach dá imscrúdú a iarraidh ar an maoirseoir nó ar an údarás poiblí lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoi conas a dhéantar gníomhartha an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais, ach cé is moite d’fhaisnéis a chumhdaítear le pribhléid dhlíthiúil, mura bhfuil feidhm ag na díolúintí a leagtar amach in Airteagal 21(2), an dara fomhír, agus in Airteagal 70(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1624 agus in Airteagal 52(3), pointe (a), de Threoir (AE) 2024/1640. Déanfaidh an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann, gan mhoill, an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil don Údarás. Aon uair a chruthaítear nó a mheastar nach leor an fhaisnéis a iarrtar ar an maoirseoir nó ar an údarás poiblí lena mbaineann chun an fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach a fháil chun an sárú amhrasta a imscrúdú, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann a chur ar an eolas, iarraidh ar fhaisnéis, a bhfuil údar maith léi agus atá réasúnaithe, a dhíriú go díreach chuig maoirseoirí eile nó chuig údaráis phoiblí eile a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála. Soláthróidh seolaí na hiarrata sin faisnéis shoiléir, chruinn agus iomlán don Údarás gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 37 3.
|
Féadfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná 6 mhí óna imscrúdú a thionscnamh, moladh a dhíriú chuig an maoirseoir nó chuig an údarás poiblí lena mbaineann ina leagfar amach an ghníomhaíocht is gá chun an sárú a shainaithnítear a leigheas. Sula n-eiseofar an moladh sin, rachaidh an tÚdarás i dteagmháil leis an maoirseoir nó leis an údarás poiblí lena mbaineann i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí an teagmháil sin a dhéanamh chun an sárú a réiteach, agus iarracht á déanamh aige teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá chun na críche sin. Déanfaidh an maoirseoir nó an t-údarás poiblí lena mbaineann, laistigh de 10 lá oibre ón moladh a fháil, an tÚdarás a chur ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh chun an sárú a réiteach.
|
|
Airteagal 37 4.
|
I gcás nach bhfuil an sárú a shainaithnítear dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, réitithe ag an maoirseoir ná ag an údarás poiblí laistigh de mhí amháin ón moladh ón Údarás a fháil, eiseoidh an tÚdarás rabhadh ina sonrófar an sárú agus ina sainaithneofar na bearta a bheidh le cur chun feidhme ag seolaithe an rabhaidh chun a éifeachtaí a mhaolú. Déanfar an rabhadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhíriú chucu seo a leanas:
(a)
i gcás maoirseoir seach-airgeadais, chuig na maoirseoirí contrapháirteacha i mBallstáit eile agus, i gcás inar comhlacht féinrialála é an maoirseoir, chuig a údarás poiblí;
(b)
i gcás údarás poiblí, chuig na comhlachtaí féinrialála atá faoina fhormhaoirseacht.
|
|
Airteagal 37 5.
|
A luaithe a bheidh an sárú réitithe ag an maoirseoir nó ag an údarás poiblí lena mbaineann, cuirfidh an tÚdarás seolaithe an rabhaidh ina leith dá dtagraítear i mír 4 ar an eolas gur réitíodh an sárú agus go bhfuil deireadh leis na bearta maolaitheacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|