+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2
---+Airteagal 1 3
---+Airteagal 1 4
---+Airteagal 1 5
---+Airteagal 1 6
---+Airteagal 1 7
---+Airteagal 1 8
---+Airteagal 1 9
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1
|
1. Leis an Treoir seo déantar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
oibleagáidí a leagan síos ar Bhallstáit maidir le bearta sonracha a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun faoi raon feidhme Airteagal 114 CFAE a sholáthar ar bhealach gan bhac sa mhargadh inmheánach, go háirithe oibleagáidí maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint agus maidir le tacú le heintitis chriticiúla chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
oibleagáidí eintiteas criticiúil a leagan síos, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar athléimneacht na n-eintiteas sin agus ar an gcumas atá acu na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar sa mhargadh inmheánach;
|
|
(c)
|
rialacha a leagan amach:
|
(i)
|
maidir leis an maoirseacht ar eintitis chriticiúla;
|
|
(ii)
|
maidir le forfheidhmiú;
|
|
(iii)
|
maidir le heintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo a shainaithint agus maidir le misin chomhairleacha chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a chuir eintitis den sórt sin i bhfeidhm chun a n-oibleagáidí faoi Chaibidil III a chomhlíonadh;
|
|
|
(d)
|
nósanna imeachta coiteanna a bhunú le haghaidh comhair agus tuairisciú maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo;
|
|
(e)
|
bearta a leagan síos d’fhonn ardleibhéal athléimneachta eintiteas criticiúil a bhaint amach chun a áirithiú go soláthrófar seirbhísí riachtanacha laistigh den Aontas agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
|
|
|
Airteagal 1 2
|
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair a chumhdaítear le Treoir (AE) 2022/2555 gan dochar d’Airteagal 8 den Treoir seo. I bhfianaise an chaidrimh idir slándáil fhisiciúil eintiteas criticiúil agus cibearshlándáil eintiteas criticiúil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an Treoir seo agus Treoir (AE) 2022/2555 a chur chun feidhme ar bhonn comhordaithe.
|
|
Airteagal 1 3
|
3. I gcás ina gceanglófar le forálacha gníomhartha earnáilsonracha dhlí an Aontais ar eintitis chriticiúla bearta a dhéanamh chun a n-athléimneacht a fheabhsú agus i gcás ina n-aithníonn na Ballstáit na ceanglais sin a bheith coibhéiseach ar a laghad leis na hoibleagáidí comhfhreagracha a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, lena n-áirítear na forálacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil VI.
|
|
Airteagal 1 4
|
4. Gan dochar d’Airteagal 346 de CFAE, maidir le faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta, amhail rialacha maidir le rúndacht gnó, ní dhéanfar an fhaisnéis sin a mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile i gcomhréir leis an Treoir seo ach i gcás ina mbeidh gá leis an malartú sin le haghaidh chur i bhfeidhm na Treorach seo, agus sa chás sin amháin. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an méid is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe agus is comhréireach leis. Leis an malartú faisnéise, caomhnófar rúndacht na faisnéise sin, slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas criticiúil, agus slándáil na mBallstát á hurramú ag an am céanna.
|
|
Airteagal 1 5
|
5. Tá an Treoir seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát an tslándáil agus an chosaint náisiúnta a choimirciú agus a gcumhacht feidhmeanna riachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an dlí agus ord poiblí a chaomhnú.
|
|
Airteagal 1 6
|
6. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis riaracháin phoiblí a dhéanann a ngníomhaíochtaí i réimsí na slándála náisiúnta, na slándála poiblí, na cosanta nó fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.
|
|
Airteagal 1 7
|
7. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag Airteagal 11 agus ag Caibidlí III, IV agus VI, ina n-iomláine nó i bpáirt, maidir le heintitis chriticiúla shonracha a dhéanann gníomhaíochtaí i réimsí na slándála náisiúnta, na slándála poiblí, na cosanta nó fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, nó a sholáthraíonn seirbhísí go heisiach do na heintitis riaracháin phoiblí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 1 8
|
8. Ní bheidh sé i gceist leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo faisnéis a sholáthar, a mbeadh ag teacht salach ar leasanna riachtanacha maidir le slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint na mBallstát dá nochtfaí í.
|
|
Airteagal 1 9
|
9. Tá an Treoir seo gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28)agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022L2557
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|