|
+Airteagal 22 1. |
Airteagal 22 1.Maidir le gach comhartha sócmhainn-tagartha ag a bhfuil luach eisiúna atá níos airde ná EUR 100 000 000 , tuairisceoidh an t-eisitheoir an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil ar bhonn ráithiúil:
(a)
líon na sealbhóirí;
(b)
luach an chomhartha sócmhainn-tagartha arna eisiúint agus méid an chúlchiste sócmhainní;
(c)
meánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae le linn na ráithe ábhartha;
(d)
meastachán ar mheánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae le linn na ráithe ábhartha a bhaineann lena úsáidí mar mhodh malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair. Chun críocha phointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, ciallóidh ‘idirbheart’ aon athrú ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá i dteideal an chomhartha sócmhainn-tagartha mar thoradh ar aistriú an chomhartha sócmhainn-tagartha ó sheoladh nó cuntas mórleabhair dháilte amháin go ceann eile. Maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an malartú le haghaidh cistí nó cripteashócmhainní eile leis an eisitheoir nó le soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, ní mheasfar go bhfuil baint acu le húsáidí an chomhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe, mura bhfuil fianaise ann go n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha chun idirbhearta i gcripteashócmhainní eile a shocrú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|