+Airteagal 31 Nósanna imeachta láimhseála gearán
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
|
Airteagal 31 Nósanna imeachta láimhseála gearán
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nósanna imeachta éifeachtacha agus trédhearcacha agus coimeádfaidh siad ar bun iad chun gearáin a fhaightear ó shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus ó pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha, a láimhseáil go pras, go cothrom agus go comhsheasmhach, agus foilseoidh siad tuairiscí ar na nósanna imeachta sin. I gcás ina ndéanann eintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h), na comharthaí sócmhainn-tagartha a dháileadh, go hiomlán nó i bpáirt, bunóidh eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nósanna imeachta chun éascú a dhéanamh freisin ar láimhseáil gearán den sórt sin idir sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus eintitis tríú páirtí den sórt sin.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Beidh sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha in ann gearáin a dhéanamh saor in aisce le heisitheoirí a gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó, i gcás inarb infheidhme, leis na heintitis tríú páirtí dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus, i gcás inarb infheidhme, na heintitis tríú páirtí dá dtagraítear i mír 1 teimpléad a fhorbairt agus a chur ar fáil do shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha chun gearáin a chomhdú agus coinneoidh siad taifead ar na gearáin go léir a fuarthas agus ar aon bhearta a rinneadh mar fhreagairt orthu.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Imscrúdóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha gach gearán ar bhealach tráthúil agus cothrom agus cuirfidh siad torthaí imscrúduithe den sórt sin in iúl do shealbhóirí a gcomharthaí sócmhainn-tagartha laistigh de thréimhse réasúnta ama.
|
|
Airteagal 31 5.
|
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú tuilleadh a dhéanamh ar na ceanglais, na teimpléid agus na nósanna imeachta chun gearáin a láimhseáil. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|