+Airteagal 32 Coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
|
Airteagal 32 Coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme agus a choimeád ar bun chun coinbhleachtaí leasa idir iad féin agus na daoine seo a leanas a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh:
(a)
a scairshealbhóirí nó a gcomhaltaí;
(b)
aon scairshealbhóir nó comhalta, bíodh sé díreach nó indíreach, ag a bhfuil sealúchas cáilitheach sna heisitheoirí;
(c)
comhaltaí a gcomhlachta bainistíochta;
(e)
sealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha; nó
(f)
aon tríú páirtí a sholáthraíonn ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír, pointe (h).
|
|
Airteagal 32 2.
|
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, go háirithe, bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as bainistiú agus infheistiú an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh.
|
|
Airteagal 32 3.
|
Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha cineál ginearálta agus foinsí na gcoinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta a rinneadh chun iad a mhaolú a nochtadh, in áit fheiceálach ar a suíomh gréasáin, do shealbhóirí a gcomharthaí sócmhainn-tagartha.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Beidh an nochtadh dá dtagraítear i mír 3 beacht go leor chun cur ar chumas shealbhóirí ionchasacha a gcomharthaí sócmhainn-tagartha cinneadh feasach ceannaigh a dhéanamh faoi na comharthaí sócmhainn-tagartha.
|
|
Airteagal 32 5.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:
(a)
na ceanglais maidir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1;
(b)
na mionsonraí agus an mhodheolaíocht maidir le hinneachar an nochta dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|