+20. Ba cheart go n-áireofaí ar fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ar a laghad cur chun …

20. Ba cheart go n-áireofaí ar fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ar a laghad cur chun …

Ba cheart go n-áireofaí ar fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ar a laghad cur chun feidhme, socrú, formheas agus maoirsiú na nithe seo a leanas:

  • a. an straitéis fhoriomlán ghnó agus príomhbheartais an eisitheora laistigh den chreat dlíthiúil agus rialála is infheidhme, agus leasanna airgeadais fadtéarmacha agus sócmhainneacht agus leas sealbhóirí ARTanna an eisitheora á gcur san áireamh.
  • b. na beartais a cheanglaítear faoi Airteagal 34(5) de Rialachán (AE) 2023/1114; ba cheart na beartais sin a bheith comhsheasmhach le hinghlacthacht riosca agus lamháltas riosca an eisitheora agus leis na saintréithe, le riachtanais chliaint an eisitheora ARTanna a dtairgfear dóibh iad agus lena sealbhóirí ionchasacha;
  • c. eagrúchán an eisitheora chun ARTanna a eisiúint ina sonraítear na scileanna, an t-eolas agus an saineolas a theastaíonn ón bhfoireann agus na hacmhainní is gá;
  • d. an straitéis riosca fhoriomlán, fonn riosca an eisitheora agus a chreat bainistíochta riosca, lena n-áirítear beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha, agus an timpeallacht mhaicreacnamaíoch agus an timthriall gnó á gcur san áireamh, agus rannpháirtíocht an chomhlachta bainistíochta i saincheisteanna bainistíochta riosca á sonrú;
  • e. creat rialaithe inmheánaigh atá leordhóthanach agus éifeachtach, lena n-áirítear creat bainistithe riosca agus sásraí rialaithe inmheánaigh atá ag feidhmiú go maith, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rialála is infheidhme, lena n-áirítear maidir le cúlchistí sócmhainní a bhainistiú;
  • f. beartas luacha saothair d’eisitheoirí ARTanna suntasacha atá i gcomhréir le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2023/11146 ;
  • g. na beartais agus na nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/11147 ;
  • h. socruithe arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar measúnuithe oiriúnachta aonair agus comhchoiteanna an chomhlachta bainistíochta go héifeachtach, go bhfuil comhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta iomchuí, agus go gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta a fheidhmeanna go héifeachtach;
  • i. cultúr i leith riosca i gcomhréir le Teideal IV Roinn 7 lena dtugtar aghaidh ar fheasacht riosca agus iompraíocht glactha riosca eisitheoir ARTanna;
  • j. cultúr corparáideach agus luachanna corparáideacha i gcomhréir le Teideal IV Roinn 8 lena gcothaítear iompar freagrach eiticiúil, lena n-áirítear cód iompair nó ionstraim chomhchosúil;
  • k. socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo sláine na gcóras cuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais a áirithiú, lena n-áirítear rialuithe airgeadais agus oibriúcháin agus comhlíonadh an dlí agus na gcaighdeán ábhartha.

6 Féach na caighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar íosta na socruithe rialachais i dtaca leis an mbeartas luacha saothair d’eisitheoirí ARTanna suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 45(7)(a) de Rialachán (AE) 2023/1114.

7 Féach na caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinbhleacht leasa faoi Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) 2023/1114.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.