+IARSCRÍBHINN 4 Sonraí maidir leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 88(4) den Rialachán cur chun feidhme

IARSCRÍBHINN 4 Sonraí maidir leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 88(4) den Rialachán cur chun feidhme

IARSCRÍBHINN 4

Sonraí maidir leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 88(4) den Rialachán cur chun feidhme

1.   Ábhar an bhunachair sonraí

Eolaire leictreonach (URL) de na comhlachtaí lena mbaineann, sonróidh sé na nithe seo a leanas:

(a) 

ainmneacha na gcomhlachtaí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla

(b) 

an cód céannachta agus seolachán leictreonach EESSI

(c) 

feidhm na gcomhlachtaí maidir leis na sainmhínithe in Airteagal 1(m), (q) agus (r) den Rialachán agus Airteagal 1(a) agus (b) den Rialachán cur chun feidhme

(d) 

inniúlacht na gcomhlachtaí maidir leis na rioscaí éagsúla, na cineálacha éagsúla sochar, na scéimeanna éagsúla agus an cumhdach geografach

(e) 

an chuid den Rialachán atá á cur i bhfeidhm ag na comhlachtaí

(f) 

na sonraí teagmhála seo a leanas: seoladh poist, teileafón, facs, seoladh ríomhphoist agus seoladh ábhartha URL

(g) 

aon fhaisnéis eile is gá chun an Rialachán nó an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm.

2.   Riaradh an bhunachair sonraí

(a) 

Tá an t-eolaire leictreonach a sheoladh ag EESSI ar leibhéal an Choimisiúin Eorpaigh.

(b) 

Tá na Ballstáit freagrach as faisnéis na gcomhlachtaí a bhailiú agus a sheiceáil agus as aon iontráil nó aon athrú ar na hiontrálacha a thagann faoina bhfreagracht a chur faoi bhráid an Choimsiúin Eorpaigh ar bhealach tráthúil.

3.   Rochtain

Ní bheidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis a úsáidtear chun críocha oibríochtúla agus riaracháin.

4.   Slándáil

Déanfar na modhnuithe go léir ar an mbunachar sonraí (cur isteach, tabhair suas chun dáta, scriosadh) a logáil. Déanfar na húsáideoirí a aithint agus a fhíordheimhniú sula mbeidh siad ábalta rochtain a fháil ar an Eolaire chun iontrálacha a mhodhnú. Seiceálfar údarú an úsáideora iontráil a mhodhnú sula ndéanfaidh sé nó sí iarracht an gníomh seo a dhéanamh. Déanfar aon ghníomh neamhúdaraithe a dhiúltú agus a logáil.

5.   Córas Teanga

Is i mBéarla a bheidh córas ginearálta teanga an bhunachair sonraí. Chomh maith leis sin, ba chóir go gcuirfí isteach ann ainmneacha na gcomhlachtaí, mar aon lena sonraí teagmhála, i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.