+Airteagal 10 11.

Airteagal 10 11.

Chun críche mhír 10, tabharfaidh an Bord, i gcás inarb infheidhme, treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

a cheangal ar an eintiteas athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontuithe airgeadais inghrúpa nó athbhreithniú ar iad sin a bheith in easnamh, nó comhaontuithe seirbhíse a tharraingt suas (laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe) chun soláthar feidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b) 

a cheangal ar an eintiteas a neamhchosaintí uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c) 

ceanglais faisnéise shonracha nó rialta bhreise atá ábhartha chun críocha réitigh;

(d) 

a cheangal ar an eintiteas sócmhainní sonracha a dhífheistiú;

(e) 

a cheangal ar an eintiteas gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;

(f) 

forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana a shrianadh nó a chosc;

(g) 

athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an eintitis nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal chun castacht a laghdú lena áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(h) 

a cheangal ar eintiteas máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais a bhunú;

(i) 

a cheangal ar eintiteas dliteanais inghlactha a eisiúint chun ceanglais ►M1  Airteagal 12f agus Airteagal 12g ◄ a chomhlíonadh;

(j) 

a cheangal ar eintiteas céimeanna eile a thabhairt chun na ceanglais dá dtagraítear in ►M1  Airteagal 12f agus Airteagal 12g ◄ a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, iarracht a dhéanamh aon dliteanas incháilithe, ionstraim Bhreise Leibhéal 1 nó ionstraim Leibhéal 2 atá eisithe aige a chaibidliú an athuair, d'fhonn a áirithiú go mbeadh éifeacht le cinneadh ar bith ón mBord an dliteanas nó an ionstraim sin a dhíluacháil nó a chomhshó faoi dhlí na dlínse a rialaíonn an dliteanas nó an ionstraim sin;

▼M1

(k) 

a cheangal ar eintiteas plean a thíolacadh chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 12f agus Airteagal 12g den Rialachán seo a athbhunú, arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta (dá ngairtear freisin risíocht i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte agus leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f nó 12g den Rialachán seo arna sloinneadh mar chéatadán de thomhas na neamhchosanta iomláine dá dtagraítear in Airteagal 429 agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(l) 

chun a áirithiú go leanfar d'Airteagal 12f nó 12g a chomhlíonadh, a cheangal ar eintiteas an próifíl aibíochta atá acu seo a leanas a athrú:

(i) 

ionstraimí cistí dílse, tar éis comhaontú na n-údarás inniúil a fháil, lena n-áirítear BCE, agus

(ii) 

dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 12c agus i bpointe (a) d'Airteagal 12g(2).

▼B

I gcás inarb infheidhme, glacfaidh na húdarás réitigh náisiúnta go díreach na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j) den chéad fhomhír.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.