+Airteagal 27 5.

Airteagal 27 5.

In imthosca eisceachtúla, nuair a chuirtear an uirlis forrtharthála i bhfeidhm, féadfar dliteanais áirithe a eisiamh nó a pháirteisiamh ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála nó na gcumhachtaí comhshó más rud é:

(a) 

nach féidir an dliteanas sin a fhortharrtháil laistigh de thréimhse réasúnach ama ainneoin iarrachtaí ionraice an údaráis réitigh náisiúnta ábhartha;

(b) 

go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach le gur féidir leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla agus na gcroílínte gnó a áirithiú ar shlí a fhágfaidh gur féidir leis an institiúid faoi réiteach leanúint d'oibríochtaí, de sheirbhísí agus d'idirbhearta lárnacha;

(c) 

go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach ionas nach dtarlóidh aicídiú forleathan, go háirithe a mhéid a bhaineann le taiscí incháilithe atá ar seilbh ag daoine nádúrtha agus ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, a chuirfeadh isteach go mór ar fheidhmiú na margaí airgeadais, lena n-áirítear bonneagair an mhargaidh airgeadais, ar shlí a d'fhéadfadh suaitheadh tromchúiseach a chruthú i ngeilleagar Ballstáit nó i ngeilleagar an Aontais; nó

(d) 

go mbeadh cur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála maidir leis na dliteanais sin ina chúis leis an luach a scriosadh sa chaoi is go mbeadh na caillteanais arna n-iompar ag creidiúnaithe eile níos airde ná mar a bheidís mura gcuirfí na dliteanais sin san áireamh san fhortharrtháil.

Déanfaidh an Bord measúnú cúramach ar cheart dliteanais i leith institiúidí nó eintiteas atá mar chuid den ghrúpa réitigh céanna ach nach eintitis réitigh iontu féin iad agus nach bhfuil eisiata ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó faoi phointe (h) de mhír (3), ar cheart iad sin a eisiamh nó a eisiamh go páirteach faoi phointí (a) go (d) den chéad fhomhír chun cur chun feidhme éifeachtach na straitéise réitigh a áirithiú.

I gcás ina ndéantar dliteanas in-fhortharrthála, nó aicme dliteanas in-fhortharrthála, a eisiamh nó a eisiamh go páirteach faoi mhír seo, féadfar leibhéal na díluachála nó an chomhshó a chuirtear i bhfeidhm, maidir le dliteanais infhortharrthála eile a mhéadú chun eisiamhanna den sórt sin a chur san áireamh, ar choinníoll go gcomhlíonann leibhéal na díluachála agus an chomhshó a chuirtear i bhfeidhm ar dhliteanais incháilithe eile an prionsabal a leagtar síos i bpointe (g) d'Airteagal 15(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.