5. I gcás nach gcuireann an gnóthas árachais nó athárachais plean réamhghabhálach téarnaimh athbhreithnithe isteach, nó i gcás ina dtagann an t-údarás maoirseachta ar an gconclúid nach ndéantar na heasnaimh nó na baic a sainaithníodh ina mheasúnú bunaidh a réiteach go leordhóthanach sa phlean réamhghabhálach téarnaimh athbhreithnithe, agus i gcás nach féidir na heasnaimh nó na baic sin a réiteach go leordhóthanach le hordú chun athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean, ceanglóidh an t-údarás maoirseachta ar an ngnóthas athruithe a shainaithint laistigh de thréimhse réasúnach a d’fhéadfadh an gnóthas a dhéanamh ar a ghnó chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa phlean réamhghabhálach téarnaimh nó ar na baic maidir le cur chun feidhme an phlean sin.
I gcás nach sainaithníonn an gnóthas árachais nó athárachais na hathruithe sin laistigh den tréimhse arna socrú ag an údarás maoirseachta, nó i gcás ina gcinneann an t-údarás maoirseachta nach dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh nó na baic go leordhóthanach leis na gníomhaíochtaí arna moladh ag an ngnóthas, féadfaidh an t-údarás maoirseachta cinneadh réasúnaithe a dhéanamh a ordú don ghnóthas aon bheart a dhéanamh a mheasann an t-údarás maoirseachta is gá agus is comhréireach, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí atá na heasnaimh agus na baic mar aon le héifeacht na mbeart ar ghnó an ghnóthais.
Tabharfar fógra i scríbhinn don ghnóthas árachais nó athárachais faoin gcinneadh seo, ar cinneadh é a bheidh faoi réir ceart achomhairc.