1. Féachfaidh maoirseoirí grúpa, údaráis mhaoirseachta, údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus údaráis réitigh leis na cinntí comhpháirteacha a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 8(2), Airteagal 11(4) agus Airteagal 16(4), de réir mar is infheidhme, laistigh de 4 mhí ón dáta:
|
(a)
|
a tharchuirfidh an maoirseoir grúpa an plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh i gcomhréir le hAirteagal 7(6);
|
|
(b)
|
a tharchuirfidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír;
|
|
(c)
|
a chuirfidh an máthairghnóthas deiridh a chuid barúlacha isteach nó an togra maidir le haon bheart malartach nó ar dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 16(3), cibé acu is luaithe.
|
Féadfaidh EIOPA, arna iarraidh sin ag údarás maoirseachta nó údarás réitigh, cúnamh a thabhairt do na maoirseoirí grúpa, na húdaráis mhaoirseachta, na húdaráis réitigh ar ghrúpleibhéal agus na húdaráis réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.