4. I gcás nach n-úsáidtear ach an uirlis díolta gnó agus an uirlis gnóthais idirlinne, agus i gcás nach n-úsáidtear na huirlisí sin ach chun cuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais an ghnóthais faoi réiteach a aistriú, déanfar an gnóthas árachais nó athárachais iarmharach nó eintiteas iarmharach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), agus ónar aistríodh na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais, a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Déanfar an foirceannadh sin laistigh de thréimhse ama réasúnta, ag féachaint d’aon ghá go ndéanfadh an gnóthas árachais nó athárachais iarmharach nó eintiteas iarmharach sin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), seirbhísí nó tacaíocht a chur ar fáil de bhun Airteagal 45 chun é a chur ar a chumas don fhaighteoir na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí arna bhfáil de bhua an aistrithe sin a fheidhmiú, agus d’aon chúis eile a bhfuil gá leanúint leis an ngnóthas árachais nó athárachais iarmharach nó eintiteas iarmharach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e), chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach nó chun na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 22 a chomhlíonadh.