8. Féadfaidh na húdaráis réitigh sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ón ngnóthas faoi réiteach chuig ceann amháin nó níos mó de na gléasanna bainistíochta sócmhainní agus dliteanas níos mó ná uair amháin agus féadfaidh siad sócmhainní, cearta nó dliteanais a aistriú ó cheann amháin nó níos mó de na gléasanna bainistíochta sócmhainní agus dliteanas chuig an ngnóthas faoi réiteach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
luafar go sainráite san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú go bhféadfaí na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistriú ar ais;
|
|
(b)
|
ní thiocfaidh na sócmhainní, na cearta ná na dliteanais faoi réim na n-aicmí, ná ní chomhlíonann siad na coinníollacha chun aistriú a dhéanamh ar chearta, sócmhainní nó dliteanais arna sonrú san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú.
|
I gceachtar de na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), féadfar an t-aistriú ar ais a dhéanamh le linn aon tréimhse, agus beidh sé i gcomhréir le haon choinníoll eile arna lua san ionstraim sin le haghaidh an chuspóra ábhartha.
Maidir le haon sócmhainn, ceart nó dliteanas a aistríodh, beidh sé d’oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach iad a thógáil ar ais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointí (a) agus (b).