+Airteagal 35 5
|
Airteagal 35 5
5. Ní dhéanfaidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a chur i bhfeidhm i ndáil leis na dliteanais seo a leanas, bídís á rialú le dlí Ballstáit nó le dlí tríú tír:
|
(b)
|
dliteanais i leith institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus gnóthais árachais nó athárachais, cé is moite d’eintitis atá ina gcuid den ghrúpa céanna, eintitis is lú aibíocht bunaidh ná 7 lá;
|
|
(c)
|
dliteanais is lú aibíocht iarmhair ná 7 lá agus atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE nó dá rannpháirtithe agus a eascraíonn ó rannpháirtíocht i gcóras den chineál sin, nó do CCPanna arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus CCPanna tríú tír arna n-aithint ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(d)
|
dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
(i)
|
fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;
|
|
(ii)
|
creidiúnaí tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar d’eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), amhail seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil áitribh, a bhfuil gá leo chun feidhmiú leanúnach gníomhaíochtaí an eintitis sin a chothabháil, nó a bhfuil gá leo chun leanúnachas an chumhdaigh árachais a áirithiú;
|
|
(iii)
|
údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;
|
|
(iv)
|
scéimeanna ráthaíochta árachais a eascraíonn as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme;
|
|
|
(e)
|
dliteanais a eascraíonn as árachas éigeantach i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí i gcomhréir le Treoir 2009/103/CE.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|