+Airteagal 51 Cumhacht chun cearta chun foirceanta a chur ar fionraí go sealadach
---+Airteagal 51 1
---+Airteagal 51 2
---+Airteagal 51 3
---+Airteagal 51 4
---+Airteagal 51 5
|
Airteagal 51 Cumhacht chun cearta chun foirceanta a chur ar fionraí go sealadach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 51 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh cearta chun foirceanta aon pháirtí i gconradh le gnóthas faoi réiteach a chur ar fionraí ón tráth a fhoilseofar an fógra i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go meán oíche i mBallstát údarás réitigh an ghnóthais faoi réiteach i ndeireadh an lae gnó tar éis an fhoilseacháin sin, ar choinníoll go leantar de na hoibleagáidí íocaíochta agus seachadta a chomhlíonadh agus de chomhthaobhacht a sholáthar.
|
|
Airteagal 51 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh cearta chun foirceanta aon pháirtí i gconradh le foghnóthas de chuid gnóthais faoi réiteach a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
ráthóidh an gnóthas faoi réiteach na hoibleagáidí faoin gconradh sin nó tacóidh sé leo ar shlí eile;
|
|
(b)
|
ní bheidh na cearta chun foirceanta faoin gconradh sin bunaithe ach amháin ar dhócmhainneacht nó ar staid airgeadais an ghnóthais faoi réiteach;
|
|
(c)
|
i gcás aistriú cumhachta a feidhmíodh nó a fhéadfar a fheidhmiú i ndáil leis an ngnóthas faoi réiteach:
|
(i)
|
beidh sócmhainní agus dliteanais uile an fhoghnóthais a bhaineann leis an gconradh sin aistrithe chuig an bhfaighteoir nó féadfar iad a aistriú chuige agus beidh siad gafa ag an bhfaighteoir air féin nó féadfaidh sé iad a ghabháil air féin; nó
|
|
(ii)
|
soláthróidh an t-údarás réitigh cosaint leordhóthanach ar aon bhealach eile le haghaidh na n-oibleagáidí sin.
|
|
Beidh éifeacht le fionraíocht na gceart chun foirceanta ón tráth a fhoilseofar an fógra i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go meán oíche sa Bhallstát ina bhfuil foghnóthas an ghnóthais faoi réiteach bunaithe an lá gnó tar éis an fhoilseacháin sin.
|
|
Airteagal 51 3
|
3. Ní bheidh feidhm ag aon fhionraíocht faoi mhír 1 nó 2 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
córais agus oibreoirí córas arna n-ainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE; nó
|
|
(b)
|
CCPanna arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus CCPanna tríú tír arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin.
|
|
|
Airteagal 51 4
|
4. Féadfaidh duine ceart chun foirceanta a fheidhmiú faoi chonradh roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 nó 2 i gcás ina bhfaigheann an duine sin fógra ón údarás réitigh ina ndeirtear an méid a leanas maidir leis na cearta agus leis na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh:
|
(a)
|
nach n-aistreofar iad chuig eintiteas eile; nó
|
|
(b)
|
nach mbeidh siad faoi réir díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (a).
|
|
|
Airteagal 51 5
|
5. I gcás ina bhfeidhmíonn údarás réitigh an chumhacht a shonraítear i mír 1 nó 2 den Airteagal seo chun cearta chun foirceanta a chur ar fionraí, agus i gcás nach mbeidh aon fhógra tugtha de bhun mhír 4 den Airteagal seo, féadfar na cearta foirceanta sin a fheidhmiú ar dhul in éag na tréimhse fionraí, faoi réir Airteagal 48, mar a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina mbeidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach faoin gconradh aistrithe chuig eintiteas eile, ní fhéadfaidh contrapháirtí na cearta chun foirceanta sin a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ach amháin i gcás aon teagmhas forfheidhmiúcháin leanúnach nó iardain de chuid an fhaighteora;
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfanann na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh leis an ngnóthas faoi réiteach agus mura mbeidh an uirlis díluachála nó chomhshó curtha i bhfeidhm ag an údarás réitigh ar an gconradh sin chun na críche a leagtar síos in Airteagal 35(1), pointe (a), féadfaidh contrapháirtí cearta chun foirceanta a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin ar dhul in éag fionraíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|