+Airteagal 65 Oibleagáidí nós imeachta na n-údarás réitigh
---+Airteagal 65 1
---+Airteagal 65 2
---+Airteagal 65 3
---+Airteagal 65 4
|
Airteagal 65 Oibleagáidí nós imeachta na n-údarás réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 65 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit, a luaithe is féidir le réasún tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, go gcomhlíonfaidh na húdaráis réitigh na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 agus 3.
|
|
Airteagal 65 2
|
2. Tabharfaidh na húdaráis réitigh fógra don ghnóthas faoi réiteach agus do na húdaráis seo a leanas, murab ionann iad, maidir leis an ngníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
an t-údarás maoirseachta le haghaidh an ghnóthais faoi réiteach;
|
|
(b)
|
údarás maoirseachta aon bhrainse den ghnóthas faoi réiteach;
|
|
(c)
|
banc ceannais an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas faoi réiteach bunaithe;
|
|
(d)
|
i gcás inarb infheidhme, an scéim ráthaíochta árachais lena bhfuil an gnóthas faoi réiteach cleamhnaithe;
|
|
(e)
|
i gcás inarb infheidhme, an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal;
|
|
(g)
|
i gcás inarb infheidhme, an t-údarás maoirseachta grúpa;
|
|
(h)
|
an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach agus an t-údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe;
|
|
(i)
|
an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, EIOPA, ESMA agus ÚBE;
|
|
(j)
|
i gcás inar institiúid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 98/26/CE an gnóthas faoi réiteach, oibreoirí na gcóras ina bhfuil sí rannpháirteach.
|
|
(k)
|
i gcás inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é an gnóthas faoi réiteach, an t-údarás réitigh ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE agus an t-údarás inniúil ábhartha de réir bhrí Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
|
Airteagal 65 3
|
3. Foilseoidh an t-údarás réitigh cóip den ordú nó den ionstraim lena ndéantar an ghníomhaíocht réitigh, nó áiritheoidh sé go bhfoilseofar í, nó fógra lena ndéantar achoimre ar éifeachtaí na gníomhaíochta réitigh, lena n-áirítear na héifeachtaí ar shealbhóirí polasaí agus, i gcás inarb infheidhme, téarmaí agus tréimhse na fionraí nó an tsriain dá dtagraítear in Airteagail 49, 50 agus 51, trí na modhanna seo a leanas:
|
(a)
|
ar a shuíomh gréasáin oifigiúil;
|
|
(b)
|
ar shuíomh gréasáin an údaráis maoirseachta, murab ionann é agus suíomh gréasáin an údaráis réitigh, agus ar shuíomh gréasáin EIOPA;
|
|
(c)
|
ar shuíomh gréasáin an ghnóthais faoi réiteach;
|
|
(d)
|
i gcás ina ligtear na scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile nó ionstraimí fiachais de chuid an ghnóthais faoi réiteach isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, na modhanna arna n-úsáid chun faisnéis rialáilte a nochtadh i dtaca leis an ngnóthas faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).
|
|
|
Airteagal 65 4
|
4. I gcás nach ligtear na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta nó na hionstraimí fiachais isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, áiritheoidh an t-údarás réitigh go ndéantar na doiciméid lena soláthraítear cruthúnas ar na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 a sheoladh chuig na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe de chuid an ghnóthais faoi réiteach a aithnítear trí chláir nó bunachair sonraí an ghnóthais faoi réiteach agus atá ar fáil don údarás réitigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|