+Airteagal 5 1.

Airteagal 5 1.

Déanfar iarratas ar údarú mar ELTIF chuig údarás inniúil an ELTIF.

Beidh ar áireamh san iarratas ar údarú mar ELTIF gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste;

(b) 

ainm bhainisteoir molta an ELTIF;

(c) 

ainm na taisclainne agus, arna iarraidh sin d’údarás inniúil ELTIF is féidir a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, an comhaontú i scríbhinn leis an taisclann;

(d) 

i gcás inar féidir an ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, cur síos ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d’infheisteoirí, lena n áirítear cur síos ar na socruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas maidir le struchtúr máistir-fothaire an ELTIF:

(i) 

dearbhú go bhfuil an ELTIF fothaire ina fhothaire den mháistir-ELTIF;

(ii) 

rialacha nó ionstraimí corpraithe an mháistir-ELTIF agus an comhaontú idir an fothaire ELTIF agus an máistir-ELTIF, nó na rialacha inmheánacha maidir le gnó a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 29(6);

(iii) 

i gcás ina bhfuil taisclanna éagsúla ag an máistir-ELTIF agus an ELTIF fothaire, an comhaontú maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 29(7);

(iv) 

i gcás ina mbunaítear an ELTIF fothaire i mBallstát seachas Ballstát baile an mháistir-ELTIF, fianú ó údarás inniúil Bhallstát baile an mháistir-ELTIF go bhfuil an máistir-ELTIF ina ELTIF arna sholáthar ag an ELTIF fothaire.

Féadfaidh údarás inniúil an ELTIF soiléireacht agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin dara fomhír.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.