+Airteagal 13 Comhdhéanamh agus éagsúlú punainne
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
|
Airteagal 13 Comhdhéanamh agus éagsúlú punainne
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Infheisteoidh ELTIF 55 % ar a laghad dá chaipiteal i sócmhainní infheistíochta incháilithe.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Ní infheisteoidh ELTIF níos mó ná an méid seo a leanas:
(a)
20 % dá chaipiteal in ionstraimí arna n-eisiúint ag aon ghnóthas punainne cáilitheach aonair nó in iasachtaí arna ndeonú d’aon ghnóthas punainne cáilitheach aonair;
(b)
20 % dá chaipiteal i sócmhainn réadach aonair;
(c)
20 % dá chaipiteal in aonaid nó scaireanna aon ELTIF, EuVECA, EuSEF, GCUI nó AIF AE aonair arna bhainistiú ag AIFM AE;
(d)
10 % dá chaipiteal i sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), i gcás inar eisigh comhlacht aonair na sócmhainní sin.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Ní bheidh luach comhiomlán urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe i bpunann ELTIF os cionn 20 % de luach chaipiteal an ELTIF.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Ní bheidh an neamhchosaint chomhiomlán ar riosca le contrapháirtí de chuid an ELTIF a thagann as idirbhearta díorthacha thar an gcuntar, comhaontuithe athcheannaigh, ná comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais os cionn 10 % de luach chaipiteal an ELTIF.
|
|
Airteagal 13 5.
|
De mhaolú ar mhír 2, pointe (d), féadfaidh ELTIF an teorainn 10 % dá dtagraítear sa phointe sin a ardú chuig 25 % i gcás ndéanann institiúid creidmheasa a bhfuil oifig chláraithe aici i mBallstát agus atá faoi réir maoirseacht speisialta phoiblí de réir an dlí a cheaptar chun sealbhóirí bannaí a chosaint bannaí a eisiúint. Déanfar, go háirithe, suimeanna a thagann ó eisiúint na mbannaí sin a infheistiú i gcomhréir leis an dlí i sócmhainní atá in ann, le linn thréimhse bailíochta iomlán na mbannaí, éilimh a bhaineann leis na bannaí a chlúdach agus, i gcás mhainneachtain an eisitheora, a d’úsáidfí ar bhonn tosaíochta d’aisíoc na príomhshuime agus íocaíocht an úis fhabhraithe.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Comhlachtaí a áirítear sa ghrúpa céanna chun críoch cuntas comhdhlúthaithe, arna rialú le Treoir 2013/34/AE nó i gcomhréir le rialacha cuntasóireachta idirnáisiúnta aitheanta, measfar gur gnóthas punainne incháilithe aonair nó comhlacht aonair iad chun na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo a ríomh.
|
|
Airteagal 13 7.
|
Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha infheistíochta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 i gcás nach margaítear ELTIFanna ach le hinfheisteoirí gairmiúla. Ní bheidh feidhm ag an teorainn infheistíochta a leagtar amach i mír 2, pointe (c), i gcás inar ELTIF fothaire é ELTIF.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|