+Airteagal 18 Aonaid nó scaireanna ELTIFanna a fhuascailt
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
|
Airteagal 18 Aonaid nó scaireanna ELTIFanna a fhuascailt
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Ní bheidh infheisteoirí in ELTIF in ann fuascailt a n-aonad ná a scaireanna a iarraidh roimh dheireadh shaolré an ELTIF. Féadfar fuascailtí a dhéanamh d’infheisteoirí ón lá tar éis dháta dheireadh shaolré an ELTIF. Léireofar go soiléir i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF dáta sonrach mar dheireadh shaolré an ELTIF agus féadfar foráil a dhéanamh iontu freisin maidir leis an gceart saolré an ELTIF a fhadú go sealadach agus na coinníollacha le haghaidh an ceart sin a fheidhmiú. Le rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF agus le nochtaí d’infheisteoirí, leagfar síos na nósanna imeachta maidir le haonaid nó scaireanna a fhuascailt agus sócmhainní a dhiúscairt, agus luafar go soiléir iontu gur féidir fuascailtí a dhéanamh d’infheisteoirí ón lá tar éis dháta dheireadh shaolré an ELTIF.
|
|
Airteagal 18 2.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfar a fhoráil le rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF go bhféadfaí fuascailtí a dhéanamh le linn shaolré an ELTIF ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
ní dheonaítear fuascailtí roimh dheireadh íostréimhse sealbhaíochta nó roimh an dáta a shonraítear in Airteagal 17(1), pointe (a);
(b)
tá bainisteoir an ELTIF, tráth an údaraithe agus ar feadh shaolré an ELTIF, in ann a léiriú d’údarás inniúil an ELTIF go bhfuil beartas iomchuí fuascailte agus uirlisí bainistithe leachtachta i bhfeidhm ag an ELTIF atá comhoiriúnach le straitéis infheistíochta fadtéarmaí an ELTIF;
(c)
léirítear go soiléir i mbeartas fuascailte an ELTIF na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le fuascailtí;
(d)
áirithítear le beartas fuascailte an ELTIF go bhfuil na fuascailtí teoranta do chéatadán de shócmhainní an ELTIF dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b);
(e)
áirithítear le beartas fuascailte an ELTIF go gcaitear go cothrom le hinfheisteoirí agus go ndeonaítear fuascailtí ar bhonn pro rata más rud é go dtéann na hiarrataí ar fhuascailtí thar an gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (d) den fhomhír seo.
An coinníoll i dtaca le híostréimhse sealbhaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le ELTIFanna fothaire atá ag infheistiú ina máistir-ELTIFanna.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Beidh saolré ELTIF i gcomhréir le cineál fadtéarmach an ELTIF agus beidh sí comhoiriúnach le saolréanna gach ceann de shócmhainní aonair an ELTIF, arna tomhas de réir phróifíl neamhleachtachta agus shaolré eacnamaíoch na sócmhainne agus de réir chuspóir infheistíochta sonraithe an ELTIF.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Beidh an rogha i gcónaí ag infheisteoirí aisíocaíocht in airgead tirim a fháil.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Ní bheifear in ann aisíocaíocht chomhchineáil as sócmhainní ELTIF a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
cuirtear an fhéidearthacht sin ar fáil i rialacha nó ionstraimí corpraithe an ELTIF, ar choinníoll go gcaitear go cothrom leis na hinfheisteoirí uile;
(b)
iarrann an t-infheisteoir i scríbhinn go n-aisíocfaí é trí sciar de shócmhainní an ELTIF;
(c)
ní chuirtear srian ar aistriú na sócmhainní sin le haon rialacha sonracha.
|
|
Airteagal 18 6.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na himthosca ina meastar go bhfuil saolré ELTIF comhoiriúnach le saolréanna gach ceann de shócmhainní aonair an ELTIF, dá dtagraítear i mír 3. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála freisin ina sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
na critéir chun an íostréimhse sealbhaíochta dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), a chinneadh;
(b)
an t-íosmhéid faisnéise atá le soláthar d’údarás inniúil an ELTIF faoi mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (b);
(c)
na ceanglais atá le comhlíonadh ag an ELTIF i ndáil lena bheartas fuascailte agus lena uirlisí bainistithe leachtachta, dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c); agus
(d)
na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (d), agus sreafaí airgid ionchasacha agus dliteanais ionchasacha an ELTIF, i measc nithe eile, á gcur san áireamh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|