|
+Airteagal 4 Sainmhínithe |
Airteagal 4 SainmhínitheAirteagal 4 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘rannpháirtí margaidh airgeadais’ aon duine a bhfuil ceanglas atá sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó i ndlí náisiúnta lena gcuirtear gníomhartha den sórt sin chun feidhme infheidhme maidir leis;
(2)
ciallaíonn ‘príomhrannpháirtí margaidh airgeadais’ rannpháirtí margaidh airgeadais a bhfuil tionchar suntasach ag a ghníomhaíocht rialta nó a inmharthanacht airgeadais ar chobhsaíocht, ar shláine nó ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais san Aontas Eorpach, nó ar dóigh dá ghníomhaíocht rialta nó dá inmharthanacht airgeadais tionchar den sórt sin a bheith aici;
(3)
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’:
(i)
údaráis inniúla agus/nó údaráis mhaoirseachta arna sainmhíniú sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2);
(ii)
maidir le Treoir 2002/65/CE, na húdaráis agus na comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go ndéanann gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta agus gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna, go ndéanann siad ceanglais na Treorach sin a chomhlíonadh;
(iii)
maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí, ciallaíonn sé comhlachtaí a riarann scéimeanna náisiúnta cúitimh de bhun Threoir 97/9/CE, nó i gcás ina bhfuil oibriú na scéime cúitimh d’infheisteoirí á riar ag cuideachta phríobháideach, ciallaíonn sé an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin, de bhun na Treorach sin;
(iv)
maidir le Rialachán (AE) Uimh. 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), údarás réitigh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d’Airteagal 2 den Rialachán sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|