|
+Airteagal 5a 8. |
Airteagal 5a 8.Déanfaidh SSInna dá dtagraítear i mír 1 atá lonnaithe i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige seirbhís íocaíochta aistrithe creidmheasa mheandarach a fháil in euro a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Eanáir 2025, agus an tseirbhís chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Deireadh Fómhair 2025. Déanfaidh SSInna dá dtagraítear i mír 1 atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige seirbhís íocaíochta aistrithe creidmheasa mheandarach a fháil in euro a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Eanáir 2027, agus an tseirbhís chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Iúil 2027. De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, go dtí an 9 Meitheamh 2028, ní bheidh sé d’oibleagáid ar SSI dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh a thairiscint do USInna in euro ó chuntais íocaíochta arna n-ainmniú in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit sin, le linn na tréimhse nach seolann ná nach bhfaigheann na SSInna sin idirbhearta aistrithe creidmheasa neamh-mheandracha in euro i ndáil leis na cuntais íocaíochta sin. D’ainneoin na chéad fomhíre den mhír seo, i gcás SSInna ar institiúidí airgid leictreonaigh iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE, nó institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366, agus atá lonnaithe i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige, déanfaidh siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha in euro a sheoladh agus a fháil a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Aibreán 2027. D’ainneoin an dara fomhír den mhír seo, SSInna ar institiúidí airgid leictreonaigh iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE nó institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 agus atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, déanfaidh siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha in euro a fháil a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Aibreán 2027, agus an tseirbhís maidir le haistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Iúil 2027. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|