|
+Airteagal 18a 1. |
Airteagal 18a 1.Maidir le gaolmhaireacht ghnó nó idirbhearta lena mbaineann tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2), ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis faoi oibleagáid na bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a)
faisnéis bhreise a fháil faoin gcustaiméir agus faoin úinéir tairbhiúil/faoi na húinéirí tairbhiúla;
(b)
faisnéis bhreise a fháil maidir le cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó;
(c)
faisnéis a fháil faoi fhoinse na gcistí agus faoi fhoinse rachmas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil/na n-úinéirí tairbhiúla;
(d)
faisnéis a fháil faoi na cúiseanna atá leis na hidirbhearta beartaithe nó comhlíonta;
(e)
faomhadh an lucht bainistíochta sinsearaí a fháil chun an ghaolmhaireacht ghnó a bhunú nó leanúint leis;
(f)
faireachán feabhsaithe ar an ngaolmhaireacht ghnó a dhéanamh trí mhéadú a dhéanamh ar líon agus ar uainiú na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm, agus rogha a dhéanamh faoi phatrúin idirbheart is gá a scrúdú tuilleadh. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis atá faoi oibleagáid chun a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid chreidmheasa faoi réir chaighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn arna leagan síos sa Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|