|
+Airteagal 4a 2. |
Airteagal 4a 2.Chun neamhspleáchas na n-údarás inniúil i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a chaomhnú, soláthróidh na Ballstáit na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear a mbaill foirne agus comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais, a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go neamhspleách agus go hoibiachtúil, gan treoracha a lorg nó a ghlacadh ó institiúidí atá faoi mhaoirseacht, ó aon chomhlacht de chuid an Aontais nó ó rialtas aon Bhallstáit nó ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhlachtaí rialachais na n-údarás inniúil neamhspleách ó thaobh feidhme de ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha eile. Ní dochar na socruithe sin do na socruithe faoin dlí náisiúnta trína bhfuil údaráis inniúla faoi réir cuntasacht phoiblí agus dhaonlathach. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfanfaidh aon chomhalta de chomhlacht rialachais údaráis inniúil a cheapfar tar éis 11 Eanáir 2026 in oifig ar feadh tréimhse is faide ná 14 bliana. Áiritheoidh na Ballstáit go gceapfar comhaltaí de chomhlacht rialachais údaráis inniúil ar bhonn critéar foilsithe atá oibiachtúil agus trédhearcach agus go bhféadfar na comhaltaí sin a bhriseadh as a bpost mura gcomhlíonfaidh siad na critéir cheapacháin a thuilleadh nó más rud é go gciontófar iad i gcion coiriúil tromchúiseach. Beidh na cúiseanna leis an dífhostú foilsithe go poiblí mura gcuirfidh comhalta chomhlacht rialachais an údaráis inniúil lena mbaineann in aghaidh an fhoilsithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla a gcuspóirí, go mbeidh siad freagrach as a ndualgais a chomhlíonadh i ndáil leis na cuspóirí sin agus go mbeidh siad faoi réir rialú airgeadais ar bhealach nach ndéanann difear dá neamhspleáchas. Ní dochar an mhír seo do chearta agus oibleagáidí údarás inniúil de bhun na gcóras idirnáisiúnta nó Eorpach um maoirseacht airgeadais, go háirithe an córas Eorpach um maoirseacht airgeadais arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ( 4 ), an sásra aonair maoirseachta arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 5 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach ( 6 ), agus an Sásra Réitigh Aonair arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|