|
+Airteagal 21a 2. |
Airteagal 21a 2.Chun críocha mhír 1, cuirfidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear inti an fhaisnéis a leanas ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus, i gcás nach ionann iad, don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe:
(a)
struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa a bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar chuid de, ina sonraítear go soiléir na fochuideachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, na máthairghnóthais, agus suíomh agus cineál na gníomhaíochta a dhéanann gach ceann de na heintitis laistigh den ghrúpa;
(b)
faisnéis maidir le hainmniúchán beirte, ar a laghad, arb iad a dhéanann an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a stiúradh agus maidir leis na critéir agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1) a bheith á gcomhlíonadh;
(c)
faisnéis maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 14 i ndáil le scairshealbhóirí agus comhaltaí, i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa ag an gcuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag an gcuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar fhochuideachta;
(d)
eagrúchán inmheánach agus dáileadh na gcúraimí laistigh den ghrúpa;
(e)
aon fhaisnéis eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun an measúnú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a dhéanamh. I gcás ina dtugtar formheas nó díolúine ó fhormheas maidir le cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo i gcomhthráth leis an measúnú a dhéantar de bhun Airteagal 8, 22 nó 27a, déanfaidh an t-údarás inniúil, chun críocha na nAirteagal sin, de réir mar is iomchuí, comhordú leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus, más éagsúil, leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2), an dara fomhír, nó in Airteagal 27a (6) ar fionraí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo curtha i gcrích. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|