+Airteagal 27j Critéir an mheasúnaithe
---+Airteagal 27j 1.
---+Airteagal 27j 2.
---+Airteagal 27j 3.
---+Airteagal 27j 4.
---+Airteagal 27j 5.

Airteagal 27j Critéir an mheasúnaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27j 1.

Agus measúnú á dhéanamh ar an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27i(1) faoin oibríocht atá á beartú agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27i(5), chun fóntacht phróifíl stuamachta na ngeallsealbhóirí airgeadais a áirithiú tar éis an oibríocht atá á beartú a bheith curtha i gcrích agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhfuil na geallsealbhóirí airgeadais neamhchosanta orthu nó na rioscaí a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu le linn na hoibríochta atá á beartú agus na rioscaí atá mar thoradh ar an oibríocht atá á beartú a bhféadfadh an t-eintiteas a bheith neamhchosanta orthu, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an oibríocht atá á beartú i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a) 

cáil na ngeallsealbhóirí airgeadais atá páirteach san oibríocht atá á beartú;

(b) 

fóntacht airgeadais na ngeallsealbhóirí airgeadais atá páirteach san oibríocht atá á beartú, go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó atá a shaothrú agus atá pleanáilte le haghaidh an eintitis a bheidh mar thoradh ar an oibríocht atá á beartú;

(c) 

an mbeidh an t-eintiteas a bheidh mar thoradh ar an oibríocht atá á beartú in ann na ceanglais stuamachta a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i ngníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoracha 2002/87/CE agus 2009/110/CE, a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(d) 

an bhfuil plean cur chun feidhme na hoibríochta atá á beartú réadúil agus fónta ó thaobh na stuamachta de;

(e) 

an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 nó iarracht orthu sin ar siúl i ndáil leis an oibríocht atá á beartú, nó go bhféadfadh an oibríocht atá á beartú an riosca sin a mhéadú.

Beidh an plean cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d) faoi réir faireachán iomchuí arna dhéanamh ag an údarás inniúil go dtí go dtabharfar an oibríocht atá á beartú i gcrích.

Airteagal 27j 2.
Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle, i gcomhthéacs a fhíoraithe, leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na geallsealbhóirí airgeadais i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.
Airteagal 27j 3.
Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúla tuairim dhiúltach maidir leis an oibríocht atá á beartú a eisiúint ach amháin i gcás nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn an geallsealbhóir airgeadais neamhiomlán d’ainneoin iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27i(5).

Maidir leis an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo, tuairim dhiúltach ó na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na geallsealbhóirí airgeadais i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, arna fáil ag an údarás inniúil laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh tosaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil í a chur san áireamh go cuí agus measúnú á dhéanamh acu ar an oibríocht atá á beartú, agus féadfaidh sí a bheith ina foras réasúnach le haghaidh tuairim dhiúltach, mar a thagraítear dó sin sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 27j 4.
Ní cheadóidh na Ballstáit d’údaráis inniúla an oibríocht atá á beartú a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.
Airteagal 27j 5.
Foilseoidh na Ballstáit liosta den fhaisnéis is gá chun an measúnú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh. Soláthróidh na geallsealbhóirí airgeadais an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 27i(1). An fhaisnéis is gá, beidh sí comhréireach agus iomchuí do chineál na hoibríochta atá á beartú. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe stuamachta faoin Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.