|
+Airteagal 27j 1. |
Airteagal 27j 1.Agus measúnú á dhéanamh ar an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27i(1) faoin oibríocht atá á beartú agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27i(5), chun fóntacht phróifíl stuamachta na ngeallsealbhóirí airgeadais a áirithiú tar éis an oibríocht atá á beartú a bheith curtha i gcrích agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhfuil na geallsealbhóirí airgeadais neamhchosanta orthu nó na rioscaí a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu le linn na hoibríochta atá á beartú agus na rioscaí atá mar thoradh ar an oibríocht atá á beartú a bhféadfadh an t-eintiteas a bheith neamhchosanta orthu, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an oibríocht atá á beartú i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
(a)
cáil na ngeallsealbhóirí airgeadais atá páirteach san oibríocht atá á beartú;
(b)
fóntacht airgeadais na ngeallsealbhóirí airgeadais atá páirteach san oibríocht atá á beartú, go háirithe i ndáil leis an gcineál gnó atá a shaothrú agus atá pleanáilte le haghaidh an eintitis a bheidh mar thoradh ar an oibríocht atá á beartú;
(c)
an mbeidh an t-eintiteas a bheidh mar thoradh ar an oibríocht atá á beartú in ann na ceanglais stuamachta a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i ngníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoracha 2002/87/CE agus 2009/110/CE, a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;
(d)
an bhfuil plean cur chun feidhme na hoibríochta atá á beartú réadúil agus fónta ó thaobh na stuamachta de;
(e)
an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 nó iarracht orthu sin ar siúl i ndáil leis an oibríocht atá á beartú, nó go bhféadfadh an oibríocht atá á beartú an riosca sin a mhéadú. Beidh an plean cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d) faoi réir faireachán iomchuí arna dhéanamh ag an údarás inniúil go dtí go dtabharfar an oibríocht atá á beartú i gcrích. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|