+Airteagal 65 Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin
---+Airteagal 65 1.
---+Airteagal 65 2.
---+Airteagal 65 3.
---+Airteagal 65 4.
---+Airteagal 65 5.

Airteagal 65 Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 65 1.
Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 64 den Treoir seo ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus i leith sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i leith cinntí arna ndéanamh ag údarás inniúil ar bhonn na bhforálacha sin nó an Rialacháin sin, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 65 2.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le hinstitiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, go bhféadfaidh údaráis inniúla, i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ar chinntí arna ndéanamh ag údarás inniúil ar bhonn na bhforálacha sin nó an Rialacháin sin, go bhféadfaidh siad pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta, bainistíocht shinsearach, sealbhóirí príomhfheidhme, baill foirne eile a mbíonn tionchar ábharach ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 92(3) den Treoir seo agus maidir le daoine nádúrtha eile, ar choinníoll go bhfuil siad freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.
Airteagal 65 3.
Le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ní chuirfear cosc ar na húdaráis inniúla pionóis riaracháin nó bearta eile riaracháin a fhorchur i leith an tsáraithe chéanna.
Airteagal 65 4.

Beidh ag na húdaráis inniúla na cumhachtaí bailithe faisnéise agus na cumhachtaí imscrúdaithe ar fad is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Áireofar sna cumhachtaí sin:

(a) 

an chumhacht chun a cheangal ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas an fhaisnéis riachtanach ar fad a sholáthar chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a gcúraimí a dhéanamh, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá a sholáthar ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe chun críoch maoirseachta agus chun críoch gaolmhar staidrimh:

(i) 

institiúidí atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(ii) 

cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(iii) 

cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(iv) 

cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

(v) 

daoine a bhaineann leis na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv);

(vi) 

tríú páirtithe a ndearna na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) den phointe seo feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí dá dtagraítear i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 );

(b) 

an chumhacht chun na himscrúduithe riachtanacha ar fad a dhéanamh i ndáil le haon duine dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) atá bunaithe nó suite sa Bhallstát lena mbaineann i gcás inar gá chun cúraimí na n-údarás inniúil a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht chun:

(i) 

a cheangal go gcuirfear isteach doiciméid;

(ii) 

scrúdú a dhéanamh ar leabhair agus taifid na ndaoine dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair nó de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;

(iii) 

mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) nó óna ionadaithe nó óna fhoireann;

(iv) 

agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe; agus

(v) 

faoi réir coinníollacha eile a leagtar amach i ndlí an Aontais, na hiniúchtaí riachtanacha ar fad a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (vi) agus ag áitreabh aon ghnóthais eile a áirítear i maoirseacht chomhdhlúite i gcás inar údarás inniúil é an maoirseoir comhdhlúthaithe, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré do na húdaráis inniúla lena mbaineann; má tá gá le húdarú ó údarás breithiúnach faoin dlí náisiúnta le haghaidh iniúchta, iarrfar an t-údarú sin.

Airteagal 65 5.
De mhaolú ar mhír 1, i gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit do phionóis riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a thionscnamh agus go ndéanfaidh údarás breithiúnach an pionós a fhorchur, agus é á áirithiú go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht chomhionann acu leis na pionóis riaracháin arna bhforchur ag na húdaráis inniúla. Ar aon chaoi, na pionóis a fhorchuirtear, beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír bearta an dlí náisiúnta a ghlacann siad de bhun na míre seo a chur in iúl don Choimisiún faoin 10 Eanáir 2026 agus cuirfidh siad in iúl, gan mhoill, aon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.