|
+Article 136 7. |
Article 136 7.Foilseoidh gach údarás ainmnithe ar bhonn ráithiúil ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas ar a shuíomh idirlín:
(a)
an ráta fritimthriallach maolánach is infheidhme;
(b)
an cóimheas ábhartha creidmheas-go-OTI agus an claonadh atá aige ón treocht fhadtéarmach;
(c)
an treoir a thugtar maidir le maolán arna ríomh i gcomhréir le mír 2;
(d)
bonn cirt leis an ráta maolánach sin;
(e)
i gcás ina méadaítear an ráta maolánach, an dáta óna gcuirfidh na hinstitiúidí an ráta méadaithe maolánach sin i bhfeidhm chun críocha a gcúlchiste fritimthriallach institiúidsonrach a ríomh;
(f)
más dáta ar lú ná 12 mhí tar éis dháta an fhoilsithe faoin mír seo é an dáta dá dtagraítear i bpointe (e), déanfar tagairt do na himthosca eisceachtúla ina dtugtar údar leis an sprioc-am níos giorra chun iarratas a dhéanamh;
(g)
i gcás ina laghdaítear an ráta maolánach, an tréimhse tháscach a meastar nach dtiocfaidh méadú ar an ráta maolánach lena linn, maille le bonn cirt leis an tréimhse sin. Déanfaidh na húdaráis ainmnithe gach beart réasúnach chun uainiú an fhoilsithe sin a chomhordú. Tabharfaidh na húdaráis ainmnithe fógra faoi gach athrú ar an ráta fritimthriallach maolánach agus an fhaisnéis is gá mar a shonraítear i bpointí (a) go (g) den chéad fhomhír do BERS. Foilseoidh BERS ar a shuíomh gréasáin gach ráta maolánach den sórt sin ar tugadh fógra ina leith agus gach faisnéis ghaolmhar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|