+Airteagal 30b Ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa
---+Airteagal 30b 1.
---+Airteagal 30b 2.
---+Airteagal 30b 3.
---+Airteagal 30b 4.
---+Airteagal 30b 5.
---+Airteagal 30b 6.

Airteagal 30b Ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30b 1.
Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2025, nach ndéanfaidh aon eintiteas rialáilte an ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn III mura rud é go bhfuil cead arna eisiúint ag údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo ina sheilbh ag an eintiteas rialáilte sin.
Airteagal 30b 2.

San iarratas ar chead astaíochtaí gás ceaptha teasa chuig an údarás inniúil ón eintiteas rialáilte de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoin gCaibidil seo, áireofar tuairisc ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

an t-eintiteas rialáilte;

(b) 

cineál na mbreoslaí a scaoileann sé lena dtomhailt agus a úsáidtear le haghaidh dóchán sna hearnálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus na modhanna trína scaoileann sé na breoslaí sin lena dtomhailt;

(c) 

úsáid nó úsáidí deiridh na mbreoslaí a scaoileadh lena dtomhailt le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;

(d) 

na bearta atá beartaithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 30f;

(e) 

achoimre neamhtheicniúil ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo.

Airteagal 30b 3.
Eiseoidh an t-údarás inniúil cead astaíochtaí gás ceaptha teasa lena n-údarófar don eintiteas rialáilte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tabhairt faoin ngníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, más deimhin leis go bhfuil an t-eintiteas in ann faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na méideanna breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III.
Airteagal 30b 4.

Áireofar i gceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

ainm agus seoladh an eintitis rialáilte;

(b) 

tuairisc ar na modhanna trína scaoileann an t-eintiteas rialáilte na breoslaí lena dtomhailt sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;

(c) 

liosta de na breoslaí a scaoileann an t-eintiteas rialáilte lena dtomhailt sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;

(d) 

plean faireacháin lena gcomhlíontar na ceanglais a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14;

(e) 

na ceanglais tuairiscithe a bhunaítear leis an gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14;

(f) 

oibleagáid i leith lamháltais a thabhairt suas, ar lamháltais iad a eisítear faoin gCaibidil seo, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána i ngach bliain féilire, mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 30e(2).

Airteagal 30b 5.
Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do na heintitis rialáilte pleananna faireacháin a nuashonrú gan an cead a athrú. Cuirfidh na heintitis rialáilte aon phlean faireacháin nuashonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil lena bhformheas.
Airteagal 30b 6.
Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon athruithe atá beartaithe ar chineál a ghníomhaíochta nó ar na breoslaí a scaoileann sé lena dtomhailt, a d’fhéadfadh a éileamh go ndéanfaí an cead astaíochtaí gás ceaptha teasa a nuashonrú. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t-údarás inniúil an cead a nuashonrú i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14. I gcás ina mbeidh athrú ar chéannacht an eintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, déanfaidh an t-údarás inniúil an cead a nuashonrú chun ainm agus seoladh an eintitis rialáilte nua a áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.03.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32003L0087
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.