|
+Airteagal 30b 4. |
Airteagal 30b 4.Áireofar i gceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
ainm agus seoladh an eintitis rialáilte;
(b)
tuairisc ar na modhanna trína scaoileann an t-eintiteas rialáilte na breoslaí lena dtomhailt sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;
(c)
liosta de na breoslaí a scaoileann an t-eintiteas rialáilte lena dtomhailt sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;
(d)
plean faireacháin lena gcomhlíontar na ceanglais a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14;
(e)
na ceanglais tuairiscithe a bhunaítear leis an gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14;
(f)
oibleagáid i leith lamháltais a thabhairt suas, ar lamháltais iad a eisítear faoin gCaibidil seo, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána i ngach bliain féilire, mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 30e(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|