|
Substaintí a ídíonn an t-ózón
|
Substaintí rialaithe a shainítear in Airteagal 1(4) de Phrótacal Montréal maidir le Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin, 1987, a liostaítear in Iarscríbhinní A, B, C, nó E a ghabhann leis an bPrótacal sin faoi mar a bheidh sé i bhfeidhm tráth a gcuirfear an Iarscríbhinn seo i bhfeidhm nó tráth a léireofar í.
Substaintí a ídíonn an t-ózón agus a d’fhéadfadh a bheith ar bord loinge, lena n-áirítear, inter alia, iad seo a leanas:
Halón 1211 Brómaclóradéfhluaraimeatán,
Halón 1301 Brómaitrífhluaraimeatán
Halón 2402 1,2-Débhrómai-1,1,2,2-teitreafluaireatán (ar a dtugtar Halon 114B2 freisin)
CFC-11 Tríchlórafluaraimeatán
CFC-12 Déchlóraidéfhluaraimeatán
CFC-113 1,1,2-Tríchlóra-1,2,2-trífhluaireatán
CFC-114 1,2-Déchlóra-1,1,2,2-teitreafluaireatán
CFC-115 Clóraipeinteafluaireatán
|
Beidh cosc ar shuiteálacha nua a bhfuil substaintí a ídíonn an t-ózón iontu ar gach long.
|
|
Défheinilí polaclóirínithe (PCB)
|
Ciallaíonn “défheinilí polaclóirínithe” comhdhúile aramataca atá foirmithe ar dhóigh go bhféadfar suas le deich gcinn de hadaimh clóirín a chur in ionad na n-adamh hidrigine ar an móilín défheinil (dhá fháine beinséin atá nasctha le chéile le nasc amháin carbón-carbón)
|
I gcás gach loinge nua, beidh cosc ar ábhair a bhfuil défheinil pholaclóirínithe iontu a shuiteáil.
|
|
Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) (1)
|
Ciallaíonn “aigéad sulfónach sárfhluarochtáin” (PFOS) aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a dhíorthaigh
|
Beidh cosc ar shuiteálacha nua a bhfuil aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) agus a dhíorthaigh iontu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
|
|
Comhdhúile agus córais frithsmálaithe
|
Comhdhúile agus córais frithsmálaithe a rialaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú, 2001 (Coinbhinsiún AFS) a bheidh i bhfeidhm tráth a léireofar an Iarscríbhinn seo.
|
1. Ní fhéadfaidh aon long córais frithsmálaithe a fheidhmiú ina mbeidh comhdhúile orgánastáin mar bhithicídí nó aon chóras eile frithsmálaithe a bhfuil cosc ar a fheidhmiú ná ar a úsáid faoin gCoinbhinsiún AFS.
2. Ní fheidhmeofar ná ní úsáidfear comhdhúile nó córais frithsmálaithe ar aon long nua nó in aon suiteálacha nua ar bhealach nach mbeidh i gcomhréir le Coinbhinsiún AFS.
|