Airteagal 22
Comhar agus comhordú
1. Déanfaidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha á gcomhlíonadh acu, a seacht ndícheall dlúth-chomhordú a áirithiú leis na Ballstáit uile lena mbaineann agus, i gcás inar praiticiúil agus inarb iomchuí, struchtúir atá ann cheana féin a thig as comhaontuithe réigiúnacha nó idirnáisiúnta a úsáid. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann iarracht comhordú a áirithiú leis na Ballstáit eile a bhfuil na nithe seo a leanas acu freisin:
(a) na fo-réigiúin mhuirí chéanna i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 2008/56/CE, maidir le speicis mhuirí;
(b) an réigiún bithgheografach céanna i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (c) d’Airteagal 1 de Threoir 92/43/CEE, maidir le speicis neamh-mhuirí;
(c) na teorainneacha céanna;
(d) an abhantrach chéanna i gcomhréir le pointe (13) d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE, maidir le speicis fhionnuisce; nó
(e) aon ábhar imní eile is coiteann.
Arna iarraidh sin do na Ballstáit atá rannpháirteach, gníomhóidh an Coimisiún chun an comhordú a éascú.
2. Déanfaidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, a seacht ndícheall oibriú i gcomhar le tríú tíortha, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear struchtúir atá ann cheana féin a thig as comhaontuithe réigiúnacha nó idirnáisiúnta a úsáid, chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
3. Féadfaidh na Ballstáit forálacha, amhail na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a chur i bhfeidhm freisin d’fhonn comhordú agus comhar le Ballstáit ábhartha eile a áirithiú maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát agus a shainaithnítear i liostaí náisiúnta a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 12(1). Féadfaidh na Ballstáit sásraí comhair a bhunú freisin ar an leibhéal iomchuí i dtaca leis na speicis choimhthíocha ionracha sin. Féadfar a áireamh i sásraí den sórt sin faisnéis agus sonraí a mhalartú, pleananna gníomhaíochta maidir le conairí agus dea-chleachtais a mhalartú i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú, a rialú agus a dhíothú, córais agus luathrabhaidh agus cláir a bhaineann le feasacht phoiblí nó le hoideachas.