+▼M2 RIALACHÁN (AE) 2015/757 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ▼B (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 2 Raon feidhme
---------+Airteagal 2 1.
---------+Airteagal 2 1a.
---------+Airteagal 2 1b.
---------+Airteagal 2 1c.
---------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+CAIBIDIL II FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ
------+ROINN 1 Prionsabail agus modhanna chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh
---------+Airteagal 4 Comhphrionsabail chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh
------------+Airteagal 4 1.
------------+Airteagal 4 2.
------------+Airteagal 4 3.
------------+Airteagal 4 4.
------------+Airteagal 4 5.
------------+Airteagal 4 6.
------------+Airteagal 4 7.
------------+Airteagal 4 8.
---------+Airteagal 5 Modhanna chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí►M2gás ceaptha teasa◄agus ar fhaisnéis ábhartha eile
------------+Airteagal 5 1.
------------+Airteagal 5 2.
------+ROINN 2 Plean faireacháin
---------+Airteagal 6 Ábhar agus cur isteach an phlean faireacháin
------------+Airteagal 6 1.
------------+Airteagal 6 2.
------------+Airteagal 6 3.
------------+Airteagal 6 4.
------------+Airteagal 6 5.
------------+Airteagal 6 6.
------------+Airteagal 6 7.
------------+Airteagal 6 8.
---------+Airteagal 7 Modhnuithe ar an bplean faireacháin
------------+Airteagal 7 1.
------------+Airteagal 7 2.
------------+Airteagal 7 3.
------------+Airteagal 7 4.
------------+Airteagal 7 5.
------+ROINN 3 Faireachán ar astaíochtaí►M2gás ceaptha teasa◄agus ar fhaisnéis ábhartha eile
---------+Airteagal 8 Faireachán ar ghníomhaíochtaí laistigh de thréimhse tuairiscithe
---------+Airteagal 9 Faireachán in aghaidh an mhuiraistir
------------+Airteagal 9 1.
------------+Airteagal 9 2.
---------+Airteagal 10 Faireachán ar bhonn bliantúil
------+ROINN 4 Tuairisciú
---------+Airteagal 11 Ábhar na tuarascála astaíochtaí
------------+Airteagal 11 1.
------------+Airteagal 11 2.
------------+Airteagal 11 3.
------------+Airteagal 11 4.
---------+Airteagal 11a Na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh
------------+Airteagal 11a 1.
------------+Airteagal 11a 2.
------------+Airteagal 11a 3.
------------+Airteagal 11a 4.
---------+Airteagal 12 Formáid na tuarascála astaíochtaí agus tuairisciú sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta
------------+Airteagal 12 1.
------------+Airteagal 12 2.
---+CAIBIDIL III FÍORÚ AGUS CREIDIÚNÚ
------+Airteagal 13 Raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíoraithe agus an tuarascáil fhíoraithe
---------+Airteagal 13 1.
---------+Airteagal 13 2.
---------+Airteagal 13 3.
---------+Airteagal 13 4.
---------+Airteagal 13 5.
---------+Airteagal 13 6.
------+Airteagal 14 Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí
---------+Airteagal 14 1.
---------+Airteagal 14 2.
---------+Airteagal 14 3.
---------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 15 Nósanna imeachta fíoraithe
---------+Airteagal 15 1.
---------+Airteagal 15 2.
---------+Airteagal 15 3.
---------+Airteagal 15 4.
---------+Airteagal 15 5.
---------+Airteagal 15 6.
------+Airteagal 16 Creidiúnú na bhfíoraitheoirí
---------+Airteagal 16 1.
---------+Airteagal 16 2.
---------+Airteagal 16 3.
---+CAIBIDIL IV COMHLÍONTACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE
------+Airteagal 17 An doiciméad comhlíontachta
---------+Airteagal 17 1.
---------+Airteagal 17 2.
---------+Airteagal 17 3.
---------+Airteagal 17 4.
---------+Airteagal 17 5.
------+Airteagal 18 Oibleagáid doiciméad bailí comhlíontachta a iompar ar bord
------+Airteagal 19 Ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh agus cigireachtaí
---------+Airteagal 19 1.
---------+Airteagal 19 2.
---------+Airteagal 19 3.
------+Airteagal 20 Pionóis, malartú faisnéise agus ordú díbeartha
---------+Airteagal 20 1.
---------+Airteagal 20 2.
---------+Airteagal 20 3.
---------+Airteagal 20 4.
---------+Airteagal 20 5.
------+Airteagal 21 Faisnéis agus tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú
---------+Airteagal 21 1.
---------+Airteagal 21 2.
---------+Airteagal 21 3.
---------+Airteagal 21 4.
---------+Airteagal 21 5.
---------+Airteagal 21 6.
---+CAIBIDIL V COMHAR IDIRNÁISIÚNTA
------+Airteagal 22 Comhar idirnáisiúnta
---------+Airteagal 22 1.
---------+Airteagal 22 2.
---------+Airteagal 22 3.
------+Airteagal 22a Athbhreithniú
---+CAIBIDIL VI CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 23 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 23 1.
---------+Airteagal 23 2.
---------+Airteagal 23 3.
---------+Airteagal 23 4.
---------+Airteagal 23 5.
------+Airteagal 24 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 24 1.
---------+Airteagal 24 2.
------+Airteagal 25 Leasuithe ar Threoir2009/16/CE
------+Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I
---+IARSCRÍBHINN II
---+IARSCRÍBHINN III
English - European Union - Environment -

▼M2 RIALACHÁN (AE) 2015/757 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ▼B (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

▼M2

RIALACHÁN (AE) 2015/757 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

▼B

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ CAIBIDIL II FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ
CAIBIDIL III FÍORÚ AGUS CREIDIÚNÚ CAIBIDIL III FÍORÚ AGUS CREIDIÚNÚ
CAIBIDIL IV COMHLÍONTACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE CAIBIDIL IV COMHLÍONTACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE
CAIBIDIL V COMHAR IDIRNÁISIÚNTA CAIBIDIL V COMHAR IDIRNÁISIÚNTA
CAIBIDIL VI CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA CAIBIDIL VI CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
IARSCRÍBHINN I




IARSCRÍBHINN I

Modhanna chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

A.   ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A RÍOMH (AIRTEAGAL 9)

1.    Foirmlí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh

Chun críocha astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh, cuirfidh cuideachtaí an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm:

image

Déanfaidh cuideachtaí astaíochtaí CO2 a ríomh trí astaíochtaí CO2 na mbreoslaí uile i a úsáidtear a chur isteach, agus an fhoirmle seo a leanas á cur i bhfeidhm:

image

Déanfaidh cuideachtaí astaíochtaí CH4 a ríomh trí na hastaíochtaí CH4 a eascraíonn as dóchán na mbreoslaí uile i a úsáidtear in éineacht leis na hastaíochtaí arb é sciorradh CH44 is cúis leo a chur isteach, agus an fhoirmle seo a leanas á cur i bhfeidhm:

image

Déanfaidh cuideachtaí astaíochtaí N2O a ríomh trí astaíochtaí N2O na mbreoslaí uile a úsáidtear a chur isteach, agus an fhoirmle seo a leanas á cur i bhfeidhm:

image

Ríomhfar ídiú breosla ar leithligh i gcás astaíochtaí ó mhuiraistir idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, ó mhuiraistir a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, ó mhuiraistir go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, agus d’astaíochtaí laistigh de chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit. Ríomhfar ídiú breosla laistigh de chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit atá i mbeart ar leithligh.



Téarma

Míniú

GHGMRV

Astaíochtaí gás ceaptha teasa atá le tuairisciú faoin Rialachán seo, arna sloinneadh i gcoibhéis tona CO2, i gcás ina gciallaíonn “coibhéis CO2” an tomhas méadrach a úsáidtear chun na hastaíochtaí ó CO2, CH4 agus N2O a ríomh ar bhonn a bpoitéinsil téimh dhomhanda, trí mhéideanna CH4 agus N2O a thiontú go méid coibhéiseach dé-ocsaíde carbóin ag a bhfuil an poitéinseal téimh dhomhanda chéanna.

image

Iomlán CO2 comhiomlánaithe a astaítear.

image

Iomlán CH4 comhiomlánaithe a astaítear.

image

Iomlán N2 comhiomlánaithe a astaítear.

image

Poitéinseal téimh dhomhanda CH4 thar 100 bliain dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044 ón gCoimisiún (1).

image

Poitéinseal téimh dhomhanda N2O thar 100 bliain dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044 ón gCoimisiún.

i

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na breoslaí a úsáidtear ar bhord na loinge sa tréimhse tuairiscithe.

j

Innéacs a chomhfhreagraíonn d’fhoinsí astaíochtaí ar bord na loinge. Chun críche an Rialacháin seo, áirítear ar na foinsí a mheastar na príomhinnill, na hinnill chúnta, na gástuirbíní, na coirí agus na gineadóirí triathgháis ar a laghad.

Mi

Ídiú breosla, mar mhais iomlán an bhreosla shonraigh i a úsáidtear (iomlán le haghaidh gach foinse astaíochtaí).

Mi, j

Ídiú breosla, mar mhais iomlán an bhreosla shonraigh i a úsáidtear i bhfoinse astaíochtaí j.

Cj

Fachtóir astaíochta umar go marbhsruth maidir le breosla sceite (comhéifeacht sceite) mar chéatadán de mhais an bhreosla i a úsáideann foinse astaíochtaí j [%].

Cjlena n-áirítear astaíochtaí idirleata agus sceite. Is éard atá in astaíochtaí idirleata agus sceite astaíochtaí arb é is cúis leo an méid breosla nach sroicheann cuasán dócháin na foinse astaíochtaí nó nach n-ídíonn an fhoinse astaíochtaí toisc iad a bheith neamhdhóite, scaoilte nó tar éis sceitheadh ón gcóras.

Mi,NC

Mais iomlán an bhreosla nach ndóitear ach a scaoiltear isteach san atmaisféar.

image

image

Méid CH4 nach ndóitear ach a scaoiltear isteach san atmaisféar. Chun críocha an mhéid sin a chinneadh, cuirfidh cuideachtaí an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm:

image

image

Fachtóir astaíochta CO2 umar go marbhshruth de réir breosla i, mar a shainmhínítear sa tábla faoi phointe 2 den Chuid seo.

image

Fachtóir astaíochta CH4 umar go marbhshruth de réir breosla i, mar a shainmhínítear sa tábla faoi phointe 2 den Chuid seo.

image

Fachtóir astaíochta N2O umar go marbhshruth de réir breosla i, mar a shainmhínítear sa tábla faoi phointe 2 den Chuid seo.

(1)   

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le luachanna le haghaidh poitéinseal téimh dhomhanda agus treoirlínte an fhardail agus maidir le córas fardail an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 666/2014 ón gCoimisiún (IO L 230, 17.7.2020, lch. 1).

2.    Fachtóirí astaíochta réamhshocraithe

Sa tábla seo a leanas:

— 
Ciallaíonn LT “le tomhas”;
— 
Ciallaíonn N/I “neamh-infhaighte”;
— 
Ciallaíonn an dais nach mbaineann ní le hábhar

Luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochta le haghaidh breoslaí agus na bhfoinsí astaíochtaí a úsáidtear ar bord na loinge, mar atá sa tábla thíos, cuirfear i bhfeidhm iad chun críche an Rialacháin seo.

I gcás ina léiríonn cill LT nó N/I, úsáidfear an luach réamhshocraithe is airde den aicme breosla sa cholún céanna. I gcás aicme breosla ar leith, i gcás ina léiríonn gach ceall sa cholún céanna LT nó N/I, úsáidfear luach réamhshocraithe an chineáil breosla iontaise is lú fabhar. Níl feidhm ag an riail seo maidir le colún 6 i gcás ina dtagraíonn LT nó N/I do luachanna nach bhfuil ar fáil le haghaidh na foinse astaíochtaí. I gcás nach bhfuil aon luach réamhshocraithe le haghaidh Cj, úsáidfear luach deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10(6) de Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

Féadfaidh cuideachtaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe le haghaidh na bhfachtóirí astaíochta a liostaítear sa tábla thíos, tar éis, de réir mar is infheidhme, cur i bhfeidhm na gcoinníollacha agus na srianta dá bhforáiltear in Airteagal 10(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2023/1805.

Maidir le breoslaí neamh-iontaise nach liostaítear sa tábla thíos, cinnfidh an chuideachta na fachtóirí astaíochta i gcomhréir le hAirteagail 32 go 35 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún**.

I gcás ina mbeidh cumasc breosla ann, déanfar gach breosla a mheas ar leithligh.



1

2

3

4

5

6

Aicme breosla

Cineál breosla

image

image

image

image

image

image

Cj

Mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an fhoinse astaíochtaí

Breosla iontaise

Ola bhreosla throm (HFO)

ISO 8217 Gráid RME go RMK

3,114

0,00005

0,00018

—

LFO

ISO 8217 Gráid RMA go RMD

3,151

0,00005

0,00018

—

MDO

MGO

ISO 8217 Gráid DMX go DMB

3,206

0,00005

0,00018

—

GNL

2,750

0

0,00011

3,1 le haghaidh GNL ar thimthriall Otto (meánluas débhreosla)

1,7 le haghaidh GNL ar thimthriall Otto (íseal-luas débhreosla)

0,2 le haghaidh GNL ar thimthriall Díosail (íseal-luas débhreosla)

2,6 le haghaidh Inneal Isealdó Spréachadhainte (LBSI)

GPL (Bútán)

3,03

LT

LT

N/I

GPL (Própán)

3,00

LT

LT

N/I

H2 (breosla iontaise)

0

0

— i gcás Cealla Breosla

—

LT le haghaidh Inneall Dócháin Inmheánach (ICE)

NH3 (breosla iontaise)

0

N/I

LT

N/I

Meatánól (breosla iontaise)

1,375

LT

LT

—

Bithbhreoslaí

Eatánól

1,913

LT

LT

—

Bithdhíosal

2,834

LT

LT

—

Ola Glasraí Hidreachóireáilte (HVO)

3,115

0,00005

0,00018

—

Bithmheatán Leachtaithe mar bhreosla iompair (Bith-LNG)

2,750

0

0,00011

3,1 le haghaidh GNL ar thimthriall Otto (meánluas débhreosla)

1,7 le haghaidh GNL ar thimthriall Otto (íseal-luas débhreosla)

0,2 le haghaidh GNL ar thimthriall Díosail (íseal-luas débhreosla)

2,6 le haghaidh Inneal Isealdó Spréachadhainte (LBSI)

Bith-mheatánól

1,375

LT

LT

—

Eile

3,115

0,00005

0,00018

—

Bith-H2

0

0

0 i gcás Cealla Breosla

—

LT do ICE

Breoslaí In-Athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch (RFNBO) –

leictribhreosla

leictridhíosal

3,206

0,00005

0,00018

—

leictrimheatánól

1,375

LT

LT

—

leictri-GNL

2,750

0

0,00011

3,1 le haghaidh GNL ar thimthriall Otto (meánluas débhreosla)

1,7 le haghaidh GNL ar thimthriall Otto (íseal-luas débhreosla)

0,2 le haghaidh GNL ar thimthriall Díosail (íseal-luas débhreosla)

2,6 le haghaidh Inneal Isealdó Spréachadhainte (LBSI)

leictri-H2

0

0

0 i gcás Cealla Breosla

—

LT do ICE

leictri-NH3

0

N/I

LT

N/I

leictri-GPL

N/I

N/I

N/I

N/I

leictri-DME

N/I

N/I

N/I

—

I gColún 1 sainaithnítear aicme na mbreoslaí.

Sainaithnítear i gcolún 2 ainm na gcineálacha ábhartha breosla le haghaidh gach aicme.

I gColún 3 tá an fachtóir astaíochta le haghaidh dé-ocsaíde carbóin arna léiriú ina gCO2/gfuel.

I gColún 4 tá an fachtóir astaíochta le haghaidh meatáin arna léiriú ina gCH4/gfuel.

I gColún 5 tá an fachtóir astaíochta le haghaidh ocsaíd nítriúil arna léiriú ina gN2O/gfuel.

I gColún 6 sainaithnítear an chuid den bhreosla a chailltear mar astaíochtaí idirleata agus sceite (Cj) arna léiriú mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an fhoinse astaíochtaí shonrach. I gcás breoslaí amhail GNL, a bhfuil na hastaíochtaí idirleata agus sceite ann ina leith, sloinntear méid na n-astaíochtaí idirleata agus sceite mar a leagtar amach i dTábla 1, mar % de mhais an bhreosla a úsáidtear. Ríomhtar na luachanna Cj sa tábla ag 50 % d’ualach an innill.

* Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48).

** Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

▼M4

AA.   ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA Ó LONGA AMACH ÓN gCÓSTA

Cumhdófar le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta astaíochtaí gás ceaptha teasa a sceitear le linn muiraistear ón gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí an chéad chalafort cuarda eile, chomh maith le muiraistir a dhéanann na longa seo a leanas laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit, ar longa iad atá deartha chun gníomhaíochtaí seirbhíse a dhéanamh amach ón gcósta nó ag suiteálacha amach ón gcósta nó a bhfuil deimhniú acu chun an méid sin a dhéanamh, cé is moite de bhristeoirí oighir:

(a) 

soitheach láimhsithe ancaire agus soláthair tuga;

(b) 

long soláthair amach ón gcósta;

(c) 

soitheach criú/soláthair;

(d) 

iompróir píopaí;

(e) 

long soláthair ardán;

(f) 

long dhruileála;

(g) 

snámhshoitheach táirgthe, stórála agus díluchtúcháin (TSDL), ola;

(h) 

soitheach próiseála gáis;

(i) 

snámhshoitheach stórála agus díluchtúcháin, gás;

(j) 

snámhshoitheach stórála agus díluchtúcháin, ola;

(k) 

long chóiríochta;

(l) 

soitheach tacaíochta tumadóireachta;

(m) 

soitheach tógála amach ón gcósta;

(n) 

soitheach tacaíochta amach ón gcósta;

(o) 

soitheach trinseála píblíne;

(p) 

soitheach leagain píblíne;

(q) 

soitheach craenach leagain píblíne;

(r) 

soitheach tástála táirgthe;

(s) 

soitheach sábháilteachta cúltaca;

(t) 

soitheach tacaíochta trinseála;

(u) 

soitheach spreagtha tobair;

(v) 

soitheach leagain cáblaí;

(w) 

long deisithe cáblaí;

(x) 

soitheach mianadóireachta;

(y) 

soitheach suiteála tuirbíní gaoithe;

(z) 

soitheach oibríochta seirbhíse coimisiúnaithe;

(aa) 

soitheach oibríochta seirbhíse;

(ab) 

soitheach oibre/deisiúcháin;

(ac) 

soitheach suirbhéireachta agus taighde;

(ad) 

dreidire;

(ae) 

dreidire daibhche.

▼M3

B.   MODHANNA CHUN ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A CHINNEADH

Léireoidh an chuideachta sa phlean faireacháin cén modh faireacháin atá le húsáid chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcás gach long atá faoina freagracht a ríomh agus áiritheoidh an chuideachta go gcuirfear i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach í a luaithe a bheidh modh roghnaithe.

Is féidir na modhanna seo a leanas A, B, C agus D a úsáid ar bhonn an chur chuige ríomha nó an chur chuige tomhais.

Faoin gcur chuige ríomha (modhanna A, B agus C), ríomhfar astaíochtaí trí úsáid a bhaint as na foirmlí a leagtar amach i gCuid A. Chun na críche sin, déanfar an t-ídiú breosla iarbhír i gcás gach muiraistear a chinneadh trí úsáid a bhaint as aon cheann de na modhanna A, B nó C a thuairiscítear anseo feasta agus a úsáidtear chun críche an ríomha. Cuirfear foinsí neamhchinnteachta agus leibhéil neamhchinnteachta a bhaineann leo san áireamh agus aon cheann de na modhanna A, B nó C á roghnú. Déanfaidh an chuideachta gníomhaíochtaí rialaithe oiriúnacha go rialta, lena n-áirítear cros-seiceálacha idir an chainníocht buncaeireachta dá bhforáiltear sa Nóta Seachadta Buncair le haghaidh Breosla (BDN) agus an chainníocht buncaeireachta a léirítear trí thomhas ar bord, agus déanfaidh sí gníomh ceartaitheach má fheictear diallais shuntasacha.

Faoin gcur chuige tomhais (modh D), úsáidtear tomhais na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha.

Maidir le haon chomhcheangal de na modhanna A, B, C, agus D, a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air, féadfar é a úsáid má fheabhsaítear cruinneas foriomlán an tomhais leis.

1.    Modh A: BDNanna agus stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla

Tá an modh seo bunaithe ar an gcainníocht agus ar an gcineál breosla mar atá léirithe ar an BDN i dteannta le stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla bunaithe ar léamha tanc. Is éard atá i gceist leis an mbreosla ídithe i rith na tréimhse ná an breosla a bhí ann ag tús na tréimhse, móide seachadtaí, lúide an breosla a bhí ar fáil ag deireadh na tréimhse agus breosla dí-lastáilte umair idir tús na tréimhse agus deireadh na tréimhse.

Ciallaíonn an tréimhse seo an méid ama a chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort. I ndáil leis an mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse, is gá an cineál breosla agus an méid sulfair a shonrú.

Ní úsáidfear an modh seo nuair nach bhfuil BDNanna ar fáil ar bord long, go háirithe nuair a bhíonn lastas in úsáid mar bhreosla, mar shampla ábhar bruite um ghás nádúrtha leachtaithe (LNG).

Faoi rialacháin Iarscríbhinn VI MARPOL atá ann cheana, tá an BDN sainordaitheach, agus tá sé le coinneáil ar bord ar feadh 3 bliana i ndiaidh sheachadadh an bhreosla umair agus tá sé le bheith ar fáil go héasca. Tá an stocáireamh tréimhsiúil ar thancanna breosla ar bord bunaithe ar léamha tancanna breosla. Úsáidtear leis táblaí tanc atá ábhartha do gach tanc breosla chun cinneadh a dhéanamh maidir le toirt tráth léamh an tanc breosla. Sonrófar an neamhchinnteacht a bhaineann leis an BDN sa phlean faireacháin. Déanfar léamhanna tancanna breosla ar mhodhanna oiriúnacha amhail córais uathoibríocha, sondáil agus tum-théipeanna. Sonrófar an modh do shondáil tanc agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis sa phlean faireacháin.

I gcás go bhfuil méid an bhreosla a chuirtear ar bord nó méid an bhreosla atá fágtha sna tancanna á chinneadh in aonaid toirte, á sloinneadh i méadair chiúbacha, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús iarbhír trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas a úsáid:

(a) 

córais tomhais ar bord;

(b) 

an dlús a dhéanann an soláthróir breosla a thomhas tráth a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an BDN;

(c) 

an dlús a thomhaistear i dtriailanailís a sheoltar i saotharlann atá creidiúnaithe le haghaidh tástála breosla, i gcás fáil a bheith air.

Déanfar an dlús iarbhír a shloinneadh in kg/l agus déanfar é a chinneadh le haghaidh an teochta infheidhme le haghaidh an tomhais shonraigh. Sna cásanna sin nach bhfuil luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis i bhfeidhm don chineál breosla ábhartha a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air.

2.    Modh B: Faireachán ar thanc breosla umair ar bord

Tá an modh seo bunaithe ar léamha tanc breosla do gach tanc breosla ar bord. Déanfar na léamha tanc gach lá nuair a bheidh an long ar muir agus gach uair a bheidh an long ag lastáil nó ag dí-lastáil umair.

Is éard atá i gceist leis an mbreosla ídithe i rith na tréimhse ná na héagsúlachtaí carnacha idir leibhéal an tanc breosla idir an dá léamh.

Ciallaíonn an tréimhse seo an méid ama a chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort. I ndáil leis an mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse, is gá an cineál breosla agus an méid sulfair a shonrú.

Déanfar léamhanna tancanna breosla ar mhodhanna oiriúnacha amhail córais uathoibríocha, sondáil agus tum-théipeanna. Sonrófar an modh do shondáil tanc agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis sa phlean faireacháin.

I gcás go bhfuil méid an bhreosla a chuirtear ar bord nó méid an bhreosla atá fágtha sna tancanna á chinneadh in aonaid toirte, á sloinneadh i méadair chiúbacha, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús iarbhír trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas a úsáid:

(a) 

córais tomhais ar bord;

(b) 

an dlús a dhéanann an soláthróir breosla a thomhas tráth a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an BDN;

(c) 

an dlús a thomhaistear i dtriailanailís a sheoltar i saotharlann atá creidiúnaithe le haghaidh tástála breosla, i gcás fáil a bheith air.

Déanfar an dlús iarbhír a shloinneadh in kg/l agus déanfar é a chinneadh le haghaidh an teochta infheidhme le haghaidh an tomhais shonraigh. Sna cásanna sin nach bhfuil luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis i bhfeidhm don chineál breosla ábhartha a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air.

3.    Modh C: Sreabhmhéadair do phróisis infheidhme dócháin

Tá an modh seo bunaithe ar shreabha breosla tomhaiste ar bord. Cuirfear na sonraí ó na sreabhmhéadair ar fad atá nasctha le foinsí ábhartha astaíochtaí gás ceaptha teasa le chéile chun cinneadh a dhéanamh maidir le hídiú breosla le haghaidh tréimhse shonrach.

Ciallaíonn an tréimhse seo an méid ama a chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort. I ndáil leis an mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse, is gá faireachán a dhéanamh ar an gcineál breosla agus an méid sulfair.

Sonrófar na modhanna calabraithe atá á gcur i bhfeidhm agus an neamhchinnteacht a bhaineann le sreabhmhéadair sa phlean faireacháin.

I gcás ina bhfuil an méid breosla ídithe á chinneadh in aonaid toirte, á sloinneadh i méadair chiúbacha, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús iarbhír trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas a úsáid:

(a) 

córais tomhais ar bord;

(b) 

an dlús a dhéanann an soláthróir breosla a thomhas tráth a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an BDN;

(c) 

an dlús a thomhaistear i dtriailanailís a sheoltar i saotharlann atá creidiúnaithe le haghaidh tástála breosla, i gcás fáil a bheith air.

Déanfar an dlús iarbhír a shloinneadh in kg/l agus déanfar é a chinneadh le haghaidh an teochta infheidhme le haghaidh an tomhais shonraigh. Sna cásanna sin nach bhfuil luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis i bhfeidhm don chineál breosla ábhartha a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air.

4.    Modh D: Astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a thomhas

Féadfar tomhais na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a úsáid le haghaidh muiraistir agus astaíochtaí ceaptha teasa a tharlaíonn i gcalafoirt atá lonnaithe i ndlínse Ballstáit. I gcás longa a bhfuil an tuairisciú CO2 ina leith bunaithe ar an modh seo, ríomhfar an t-ídiú breosla trí úsáid a bhaint as na hastaíochtaí CO2 tomhaiste agus as fachtóir infheidhme astaíochtaí na mbreoslaí ábhartha.

Tá an modh seo bunaithe ar chinneadh sreafaí astaíochtaí gás ceaptha teasa i múcháin (tonnadóirí) gás sceite trí thiúchana gás ceaptha teasa an gháis sceite a mhéadú faoi shreabhadh an gháis sceite.

Ní chuirfidh cur i bhfeidhm an mhodha seo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chinneadh cosc ar chuideachtaí aon cheann eile de na modhanna a thuairiscítear faoin gCuid seo a chur i bhfeidhm maidir le haon ghás ceaptha teasa eile.

Sonrófar na modhanna calabraithe atá á gcur i bhfeidhm agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis na gléasanna atá in úsáid sa phlean faireacháin.

C.   BAINISTIÚ SONRAÍ AGUS RIALÚ

1.    Córas rialaithe

1.1. Déanfaidh an chuideachta measúnú riosca chun foinsí an bhaoil earráidí sa sreabhadh sonraí ó shonraí príomhúla go sonraí deiridh sa tuarascáil astaíochtaí a shainaithint agus déanfaidh sí córas rialaithe éifeachtach a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun a áirithiú nach mbeidh míráiteas sna tuarascálacha a eascraíonn as gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus go mbeidh siad i gcomhréir leis an bplean faireacháin agus go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán seo.

Cuirfidh an chuideachta an measúnú riosca dá dtagraítear sa chéad mhír ar fáil don údarás riaracháin atá freagrach arna iarraidh sin. Cuirfidh an chuideachta ar fáil í freisin chun críocha fíorúcháin.

1.2. Chun críocha phointe 1.1, an chéad mhír, déanfaidh an chuideachta nósanna imeachta i scríbhinn a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a chothabháil, ar leithligh ón bplean faireacháin, le haghaidh gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe, agus áireoidh sí tagairtí do na nósanna imeachta sin agus tuairisc orthu sa phlean faireacháin. Cuirfidh an chuideachta aon doiciméadacht i scríbhinn maidir leis na nósanna imeachta ar fáil don údarás riaracháin atá freagrach arna iarraidh sin. Cuirfidh an chuideachta doiciméadacht den sórt sin ar fáil freisin chun críocha fíorúcháin.

1.3. Áireofar leis na gníomhaíochtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 1.2, i gcás inarb infheidhme:

(a) 

dearbhú cáilíochta an trealaimh tomhais ábhartha;

(b) 

dearbhú cáilíochta na gcóras teicneolaíochta faisnéise lena n-áirithítear go ndéantar na córais ábhartha a dhearadh, a dhoiciméadú, a thástáil, a chur chun feidhme, a rialú agus a choinneáil ar bun ar bhealach lena n-áirithítear próiseáil sonraí atá iontaofa, cruinn agus tráthúil i gcomhréir leis na rioscaí a shainaithnítear i gcomhréir le pointe 1.1;

(c) 

deighilt dualgas sna gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus sna gníomhaíochtaí rialaithe, chomh maith le bainistiú na n-inniúlachtaí is gá;

(d) 

athbhreithnithe inmheánacha agus bailíochtú sonraí;

(e) 

ceartúcháin agus gníomhaíocht cheartaitheach;

(f) 

próisis sheachfhoinsithe a rialú;

(g) 

taifid agus doiciméadacht a choinneáil, lena n-áirítear bainistiú leaganacha doiciméad.

1.4. Chun críocha pointe 3(a), áiritheofar go ndéanfar gach trealamh tomhais ábhartha a chalabrú, a choigeartú agus a sheiceáil go tráthrialta lena n-áirítear sula n-úsáidfear é, agus déanfar é a sheiceáil in aghaidh na gcaighdeán tomhais atá inrianaithe chuig caighdeáin tomhais idirnáisiúnta, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, agus atá comhréireach leis na rioscaí sainaitheanta.

I gcás nach féidir comhpháirteanna na gcóras tomhais a chalabrú, sainaithneoidh an chuideachta na comhpháirteanna sin sa phlean faireacháin agus molfaidh sí gníomhaíochtaí rialaithe malartacha.

I gcás ina bhfaighfear amach nach gcomhlíonann an trealamh na ceanglais feidhmíochta, déanfaidh an chuideachta an gníomh ceartaitheach is gá go pras.

1.5. Chun críocha phointe 1.3(d), déanfaidh an chuideachta athbhreithniú agus bailíochtú ar shonraí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sreafa sonraí dá dtagraítear i bpointe 1.2.

Áireofar an méid seo a leanas san athbhreithniú agus sa bhailíochtú sin ar shonraí:

(a) 

seiceáil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí iomlán;

(b) 

comparáid idir na sonraí a fuair an chuideachta, a ndearna sí faireachán orthu agus a thuairiscigh sí thar roinnt blianta;

(c) 

comparáid idir sonraí agus luachanna a eascraíonn as modhanna éagsúla faireacháin nuair a chuirtear níos mó ná modh faireacháin amháin i bhfeidhm.

1.6. Chun críocha phointe 1.3(e), i gcás ina bhfaightear amach nach bhfeidhmíonn gníomhaíochtaí sreafa sonraí nó gníomhaíochtaí rialaithe go héifeachtach, nó nach n-urramaíonn siad na rialacha a leagtar síos i ndoiciméadacht na nósanna imeachta maidir leis na gníomhaíochtaí sin, áiritheoidh an chuideachta go ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach agus go gceartófar na sonraí a ndéantar difear dóibh gan moill mhíchuí.

1.7. Chun críocha phointe 1.3(f), i gcás ina ndéanann an chuideachta gníomhaíocht sreafa sonraí amháin nó níos mó nó gníomhaíocht rialaithe amháin nó níos mó, dá dtagraítear i bpointe 1.1, a sheachfhoinsiú, rachaidh sí ar aghaidh chuig gach ceann díobh seo a leanas:

(a) 

cáilíocht na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe sreafa sonraí agus na ngníomhaíochtaí rialaithe seachfhoinsithe a sheiceáil i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b) 

ceanglais iomchuí a léiriú maidir le haschuir na bpróiseas seachfhoinsithe chomh maith leis na modhanna a úsáidtear sna próisis sin;

(c) 

cáilíocht na n-aschur agus na modhanna dá dtagraítear i bpointe (b) a sheiceáil;

(d) 

a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe ar bhealach lena dtabharfar aghaidh orthu sin ar na rioscaí bunúsacha agus na rioscaí rialaithe a shainaithnítear sa mheasúnú riosca dá dtagraítear i bpointe 1.1.

1.8. Déanfaidh an chuideachta faireachán ar éifeachtacht an chórais rialaithe, lena n-áirítear trí athbhreithnithe inmheánacha a dhéanamh agus torthaí an fhíoraitheora le linn fhíorú na dtuarascálacha astaíochtaí agus na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a chur san áireamh.

I gcás ina gcinnfidh an chuideachta nach bhfuil an córas rialaithe éifeachtach nó nach bhfuil sé i gcomhréir leis na rioscaí a sainaithníodh, féachfaidh sí leis an gcóras rialaithe a fheabhsú agus an plean faireacháin nó na nósanna imeachta bunúsacha i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí sreafa sonraí, measúnuithe riosca agus gníomhaíochtaí rialaithe a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí.

2.    Bearnaí sonraí

2.1. I gcás ina bhfuil na sonraí ábhartha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa loinge a chinneadh le haghaidh muiraistear amháin nó níos mó in easnamh, úsáidfidh an chuideachta sonraí ionadacha arna ríomh i gcomhréir leis an modh malartach nó leis na modhanna malartacha a léirítear sa phlean faireacháin arna mheasúnú ag an bhfíoraitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, arna bhformheas ag an údarás riaracháin atá freagrach.

I gcás ina bhfuil na sonraí atá ábhartha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa loinge a chinneadh le haghaidh muiraistear amháin nó níos mó in easnamh, agus nach liostaítear sa phlean faireacháin modhanna faireacháin malartacha nó foinsí sonraí malartacha chun sonraí a chomhthacú nó chun an bhearna sonraí a dhúnadh, úsáidfidh an chuideachta modh meastacháin iomchuí chun sonraí coimeádacha ionadacha le haghaidh na tréimhse ama sin agus an pharaiméadair atá in easnamh a chinneadh.

2.2. Maidir leis an plean faireacháin a ndéanann an fíoraitheoir measúnú sásúil air agus, i gcás inarb infheidhme, a ndéanann an t-údarás riaracháin atá freagrach é a fhormheas, mura bhfuil cur i bhfeidhm an phlean faireacháin sin indéanta go sealadach, cuirfidh an chuideachta modh i bhfeidhm ar bhonn na bhfoinsí sonraí malartacha a liostaítear sa phlean faireacháin chun críche seiceálacha comhthacaíocha a dhéanamh, nó, mura bhfuil rogha mhalartach den sórt sin sa phlean faireacháin, modh malartach lena soláthraítear sonraí ionadacha nó meastachán coimeádach, cuirfear i bhfeidhm é go dtí go ndéanfar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an phlean faireacháin formheasta a athbhunú.

Déanfaidh an chuideachta gach beart is gá chun an plean faireacháin a chur i bhfeidhm go pras.

2.3. I gcás ina n-úsáidtear modh meastacháin i gcomhréir le pointe 2.1, nó i gcás ina dtarlaíonn diall sealadach ón bplean faireacháin i gcomhréir le pointe 2.2, déanfaidh an chuideachta, gan aon mhoill mhíchuí, nós imeachta i scríbhinn a fhorbairt i scríbhinn chun an cineál sin bearna sonraí a sheachaint amach anseo agus an plean faireacháin a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 7.’

IARSCRÍBHINN II




IARSCRÍBHINN II

Faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile

A.   FAIREACHÁN IN AGHAIDH AN MHUIRAISTIR (AIRTEAGAL 9)

1. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha eile in aghaidh an mhuiraistir (Airteagal 9(1)), tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas:

(a) 

►M1  the date and hour of departure from berth and arrival at berth shall be considered using Greenwich Mean Time (GMT/UTC). ◄ Déanfar an méid ama a chaitear ar muir a ríomh bunaithe ar fhaisnéis a bhaineann le faisnéis i ndáil le himeacht ó chalafort agus teacht isteach i gcalafort agus ní bheidh an t-am a chaitear ar ancaire san áireamh;

(b) 

féadfaidh sé gurb éard a bheidh san fhad a thaistealaítear an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann nó an fad iarbhír a thaistealaítear. I gcás ina n-úsáidtear fad an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann, ba cheart fachtóir coimeádach ceartúcháin a chur san áireamh d'fhonn a áirithiú nach bhfuil an fad a taistealaíodh á meas go suntasach faoina luach. Sonrófar sa phlean faireacháin cén ríomh faid a úsáidtear agus, más gá, an fachtóir ceartaithe a úsáidtear. ►M1  The distance travelled shall be determined from berth of the port of departure to berth of the port of arrival and shall be expressed in nautical miles; ◄

(c) 

cinnfear obair iompair tríd an bhfad a thaistealaítear a mhéadú faoi mhéid an lastais arna iompar;

(d) 

i ndáil le longa paisinéirí, úsáidfear an líon paisinéirí chun léargas a thabhairt ar an lastas arna iompar. I gcás gach catagóra eile long, is i dtonaí méadracha nó i méadair chiúbacha chaighdeánacha lastais a bheidh an méid lastais á shonrú, de réir mar is iomchuí.

(e) 

►M1  for ro-ro ships, cargo carried shall be defined as the mass of cargo on board, determined as the actual mass or as the number of cargo units (trucks, cars, etc.) or occupied lane-metres multiplied by default values for their weight. ◄

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “long róró” long a dheartar chun aonaid iompair lastais rollta ann, rollta as a iompar nó long a bhfuil spásanna lastais rollta ann, rollta as air.

(f) 

i gcás long coimeádáin, sainmhíneofar lastas atá á iompar mar mheáchan iomlán i dtonaí méadracha an lastais nó, murach sin, líon na nAonad is Coibhéis Fiche Troigh (TEUanna) iolraithe faoi luachanna réamhshocraithe le haghaidh a meáchain. Má shainmhínítear lastas atá á iompar ag soitheach coimeádáin i gcomhréir le Treoirlínte IMO is infheidhme nó le hionstraimí de bhun an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (Coinbhinsiún SOLAS), measfar go gcomhlíonann an sainmhíniú sin an Rialachán seo.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “long coimeádáin” long a dheartar chun coimeádáin a iompar sa bholg nó ar dheic, agus chuige sin amháin;

(g) 

agus lastas atá á iompar i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa ró-ró agus longa coimeádáin á chinneadh, féadfar meáchan agus toirt an lastais atá á iompar mar aon le líon na bpaisinéirí a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Áireofar leis na catagóirí sin, inter alia, tancaeir, olliompróirí, longa lastais ghinearálta, longa lastais cuisniúcháin, iompróirí feithiclí agus comhiompróirí.

2. D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun ►M3  pointe 1(g) ◄ a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha teicniúla lena sonrófar na paraiméadair is infheidhme maidir le gach ceann de na catagóirí eile long dá dtagraítear faoin bpointe sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar na paraiméadair is infheidhme dá dtagraítear i b ►M3  pointe 1(g) ◄ . I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na paraiméadair sin chun na leasuithe ar an Iarscríbhinn seo a chur san áireamh de bhun Airteagal 5(2). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

3. Agus na rialacha dá dtagraítear i ►M3  pointe 1 agus pointe 2 ◄ á gcomhlíonadh acu, féadfaidh cuideachtaí rogha a dhéanamh chun faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir na loinge agus le loingseoireacht trí leac oighir a áireamh.

▼M3

B.   FAIREACHÁN AR BHONN BLIANTÚIL (AIRTEAGAL 10)

Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha eile ar bhonn bliantúil, tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas:

Déanfar na luachanna a bhfuil faireachán le déanamh orthu faoi Airteagal 10 a chinneadh trí chomhiomlánú na sonraí a bhaineann leis an muiraistear faoi seach.

Déanfar faireachán ar an meán-éifeachtúlacht fuinnimh trí úsáid a bhaint as ceithre tháscaire ar a laghad: ídiú breosla de réir achair, ídiú breosla de réir oibre iompair, astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an fhaid agus astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na hoibre iompair, ar nithe iad a ríomhfar mar seo a leanas:

Ídiú breosla bunaithe ar an bhfad a thaistealaítear = iomlán an ídithe breosla in aghaidh na bliana/iomlán an fhaid a thaistealaítear

Ídiú breosla bunaithe ar obair iompair = iomlán an ídithe breosla in aghaidh na bliana/iomlán na hoibre iompair

Astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar an bhfad a thaistealaítear = iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana/iomlán an fhaid a thaistealaítear

Astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar obair iompair = iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana/iomlán na hoibre iompair.

Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, féadfaidh longa faireachán a dhéanamh ar an meán-éifeachtúlacht fuinnimh trí úsáid a bhaint as an dá tháscaire éifeachtúlachta fuinnimh seo a leanas: ídiú breosla bunaithe ar an am a chaitear ar muir agus astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar an am a chaitear ar muir, ar nithe iad a ríomhfar mar seo a leanas:

Ídiú breosla bunaithe ar an am a chaitear ar muir = iomlán an ídithe breosla in aghaidh na bliana/iomlán an ama a chaitear ar muir

Astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an ama a chaitear ar muir = iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana/iomlán an ama a chaitear ar muir

Agus iad ag comhlíonadh na rialacha seo, féadfaidh cuideachtaí rogha a dhéanamh freisin chun faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir na loinge agus le loingseoireachta trí leac oighir a áireamh, mar aon le faisnéis ar bith eile a bhaineann leis an mbreosla a ídítear agus le astaíochtaí gás ceaptha teasa a astaítear, agus idirdhealú á dhéanamh ar bhonn critéir eile a léirítear sa phlean faireacháin.

▼M3

C.   FAIREACHÁN AR IOMLÁN NA nASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A CHUMHDAÍTEAR LE TREOIR 2003/87/CE I nDÁIL LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ MUIRIOMPAIR AGUS AR AN bhFAISNÉIS CHUN ÚDAR A THABHAIRT LE MAOLUITHE AR AIRTEAGAL 12(3) DEN TREOIR SIN (AIRTEAGAL 10, POINTE (K))

1.    Rialacha chun faireachán a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa loinge a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú faoin Treoir sin

Déanfaidh cuideachtaí na méideanna ábhartha de gach gás ceaptha teasa a chinneadh ar leithligh agus déanfaidh siad iomlán na méideanna sin arna sloinneadh i gcoibhéisí CO2 a chinneadh.

Breithneoidh cuideachtaí na méideanna de gach cineál breosla a ídítear le haghaidh gníomhaíochtaí muiriompair a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE i ndáil leis an tréimhse ar lena linn a bhí an long faoina bhfreagracht a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir sin.

Déanfaidh cuideachtaí, nuair is infheidhme, na ríomhanna a leagtar amach i bpointí 1.1. go 1.7 san ord a leagtar síos thíos.

1.1.    An prionsabal ginearálta

Chun críche faireachán a dhéanamh ar iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa comhiomlánaithe na loinge atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE, cuirfidh cuideachtaí na foirmlí a bhunaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm, agus na cineálacha astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE á gcur san áireamh.

1.2.    Maolú ar an bprionsabal ginearálta agus úsáid na bhfachtóirí astaíochta de bhun Airteagal 14 de Threoir 2003/87/CE

De mhaolú ar phointe 1.1, ní chuirfidh cuideachtaí na rialacha a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le fachtóirí astaíochtaí CO2 a chinneadh i gcás ina n-úsáideann an chuideachta breosla a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh úsáid na bithmhaise arna bunú le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), agus aon choigeartú is gá lena chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. Sna cásanna sin, nialas a bheidh i bhfachtóir astaíochta CO2 chodán bithmhaise an bhreosla.

▼M4

De mhaolú ar phointe 1.1, ní chuirfidh cuideachtaí na rialacha a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le fachtóirí astaíochta CO2 a chinneadh i gcás ina n-úsáideann an chuideachta Breoslaí In-Athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch, Breosla Carbóin Athchúrsáilte nó breosla sintéiseach ísealcharbóin. Sna cásanna sin, cinnfear an fachtóir astaíochta CO2 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

▼M3

1.3.    Maolú ar an bprionsabal ginearálta i gcás turas idir calafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit

I gcomhréir leis an raon feidhme geografach dá dtagraítear in Airteagal 3ga de Threoir 2003/87/CE, déanfar na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe 1.1 agus pointe 1.2 den Chuid seo a iolrú faoi 50 % i gcás ina scaoileann long astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar long é a thugann faoi mhuiraistear ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, nó faoi mhuiraistear a imíonn ó chalafort cuarda atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

1.4.    Maolú ar an bprionsabal ginearálta i gcás astaíochtaí CO2 dá dtagraítear in Airteagal 12(3a) agus (3b) de Threoir 2003/87/CE

De mhaolú ar phointe 1.1, i gcás ina dtagann astaíochtaí CO2 faoi raon feidhme Airteagal 12(3a) nó (3b) de Threoir 2003/87/CE, déanfar méideanna na n-astaíochtaí sin arna ríomh i gcomhréir le pointí 1.1, 1.2 agus 1.3 den Chuid seo a iolrú faoi nialas.

1.5.    Maolú ar an bprionsabal ginearálta i gcás astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiraistear nó ó ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(3-d), (3-c) nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE

De mhaolú ar phointe 1.1, i gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme Airteagal 12(3-d), (3-c), nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE, déanfar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1.1 go 1.4 den Chuid seo a iolrú faoi nialas.

1.6.    Ríomh iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE i gcás inar mian leis an gcuideachta tairbhe a bhaint as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 12(3-e) den Treoir sin

Cuideachtaí ar mian leo leas a bhaint as an maolú le haghaidh longa d’aicme oighir dá bhforáiltear in Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh siad 5 % de na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1.1 go 1.5 den Chuid seo, de réir mar is infheidhme.

1.7.    Ríomh iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE, agus Airteagal 3gb den Treoir sin á chur san áireamh

I leith na n-astaíochtaí le haghaidh na mblianta tuairiscithe 2024 agus 2025, cuirfidh cuideachtaí na céatadáin chéimnithe isteach dá bhforáiltear in Airteagal 3gb de Threoir 2003/87/CE i bhfeidhm ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1.1 go 1.6 den Chuid seo, de réir mar is infheidhme. Déanfaidh cuideachtaí méideanna gach gáis a chomhiomlánú chun iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa na loinge atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE a ríomh.

2.    Faireachán ar an bhfaisnéis is gá chun údar cuí a thabhairt le haon mhaolú ábhartha ar Airteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE a chur i bhfeidhm

2.1. I gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme Airteagal 12(3-d), (3-c), nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh cuideachtaí faireachán, ar feadh na tréimhse a raibh an long faoina bhfreagracht, ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcás gach cineál maolaithe dá bhforáiltear sna forálacha sin, in aghaidh an mhuiraistir:

(a) 

an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena n-áirítear dáta agus uair na himeachta agus an teachta isteach;

(b) 

méid agus fachtóir astaíochta gach cineáil breosla a ídítear, agus na forálacha a leagtar síos i bpointe 1.2 á gcur san áireamh;

(c) 

astaíochtaí gás ceaptha teasa a astaítear, arna ríomh i gcomhréir le pointe 1.1, pointe 1.2 agus pointe 1.3;

(d) 

an fad a thaistealaítear;

(e) 

an t-am a chaitear ar muir;

2.2. I gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile a scaoileann long le linn tréimhse tuairiscithe faoi raon feidhme Airteagal 12(3-d), (3-c) nó (3-b) de Threoir 2003/87/CE agus i gcás ina dtugann an long, de réir a sceidil, faoi níos mó ná 300 aistear le linn na tréimhse tuairiscithe sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gcuideachta faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2.1 den Chuid seo ar bhonn in aghaidh an mhuiraistir i ndáil leis an long sin le linn na tréimhse tuairiscithe sin.

2.3. I gcás ina dtagann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme Airteagal 12(3-e) de Threoir 2003/87/CE, cuirfidh cuideachtaí faisnéis ar fáil a bhaineann le haicme oighir na loinge.

▼B

IARSCRÍBHINN III




IARSCRÍBHINN III

Eilimintí atá le cur san áireamh le haghaidh na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16

A.   NÓSANNA IMEACHTA FÍORAITHE

— 
Inniúlachtaí na bhfíoraitheoirí;
— 
doiciméid atá le cur ar fáil ag cuideachtaí do na fíoraitheoirí;
— 
measúnú riosca atá le cur i gcrích ag an bhfíoraitheoir;
— 
measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin;
— 
Fíorú na tuarascála astaíochtaí;
— 
tairseach ábharthachta;
— 
sláine réasúnach an fhíoraitheora;
— 
míshonruithe agus neamh-chomhréireachtaí;
— 
ábhar na tuarascála fíoraithe;
— 
moltaí maidir le feabhsúchán;
— 
cumarsáid idir cuideachtaí, fíoraitheoirí agus an Coimisiún.

B.   CREIDIÚNÚ NA bhFÍORAITHEOIRÍ

— 
Conas creidiúnú le haghaidh gníomhaíochtaí loingseoireachta a iarraidh;
— 
an bealach ar a ndéanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta measúnú ar fhíoraitheoirí d'fhonn deimhniú creidiúnaithe a eisiúint;
— 
an bealach ar a ndéanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta an faireachas chun deimhniú go leanfar ar aghaidh leis an gcreidiúnú;
— 
ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta d'fhonn bheith inniúil chun creidiúnú a chur ar fáil d'fhíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí loingseoireachta, lena n-áirítear tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.