+Airteagal 12 Bunachar sonraí táirgí
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.
---+Airteagal 12 9.
---+Airteagal 12 10.
---+Airteagal 12 11.
---+Airteagal 12 12.
|
Airteagal 12 Bunachar sonraí táirgí
Bunachar sonraí táirgí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí táirgí a chur ar bun agus a choinneáil ina mbeidh cuid phoiblí, cuid a bhaineann le comhlíonadh agus tairseach ar líne lena dtabharfar rochtain ar an dá chuid sin. Ní chuirfear an bunachar sonraí táirgí in ionad fhreagrachtaí na n-údarás faireachais margaidh ná ní mhodhnaítear iad leis.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Is chun na gcríoch seo a leanas a bheidh an bunachar sonraí táirgí:
▼M1
(a)
tacú le húdaráis faireachais margaidh na cúraimí atá orthu faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha a chur i gcrích, lena n-áirítear an céanna a fhorfheidhmiú, agus faoi Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
);
▼B
(b)
faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh agus, a lipéid fuinnimh agus a mbileoga faisnéise faoin táirge;
(c)
faisnéis faoi éifeachtúlacht fuinnimh táirgí atá cothrom le dáta a chur ar fáil don Choimisiún le haghaidh lipéid fuinnimh a athbhreithniú;
|
|
Airteagal 12 3.
|
Beidh sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí agus sa tairseach ar líne an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 1 agus i bpointe 2 faoi seach d'Iarscríbhinn I, agus a chuirfear ar fáil don phobal. Comhlíonfaidh an chuid phoiblí den bhunachar sonraí na critéir i mír 7 den Airteagal seo agus na critéir fheidhmiúla a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Is ag na húdaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún amháin a bheidh rochtain ar an gcuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh agus ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn I, lena n-áirítear na codanna sonracha den doiciméadacht theicniúil amhail dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Comhlíonfaidh an chuid a bhaineann le comhlíonadh na critéir i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo agus na critéir fheidhmiúla a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, ní chumhdófar iontu ach amháin:
(a)
cur síos ginearálta ar an múnla, ar leor é chun an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;
(b)
tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;
(c)
réamhchúraimí sonracha a ghlacfar nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;
(d)
paraiméadair thomhaiste theicniúla an mhúnla;
(e)
na ríomhanna a dhéantar leis na paraiméadair thomhaiste;
(f)
coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b).
Ina theannta sin, féadfaidh an soláthróir codanna breise den doiciméadacht a uaslódáil sa bhunachar sonraí ar bhonn deonach.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Maidir le sonraí seachas iad sin a shonraítear i mír 5 nó nach bhfuil ar fáil sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí, nuair a bheadh gá ag údaráis faireachais margaidh agus/nó ag an gCoimisiún leo chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, beidh siad in ann na sonraí sin a fháil ón sholáthróir arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 12 7.
|
Bunófar an bunachar sonraí táirgí i gcomhréir le na critéir seo a leanas:
(a)
íoslaghdú an ualaigh riaracháin ar an soláthróir agus ar úsáideoirí eile an bhunachair sonraí;
(b)
so-láimhsitheacht don úsáideoir agus cost-éifeachtacht; agus
(c)
seachaint uathoibríoch clárú iomarcach.
|
|
Airteagal 12 8.
|
Bunófar an chuid sin den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh i gcomhréir le na critéir seo a leanas:
(a)
cosaint ar úsáid neamhbheartaithe agus coimirciú faisnéise rúnda trí bhíthin socruithe dochta slándála;
(b)
cearta rochtana bunaithe ar an bprionsabal “ar bhonn riachtanais eolais”;
(c)
próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le Treoir 95/46/CE, de réir mar is infheidhme;
(d)
teorainn a chur leis an rochtain ar shonraí ina raon feidhme ionas go gcuirfear cosc ar chóipeáil tacar móra sonraí;
(e)
inrianaitheacht an rochtain ar shonraí don soláthróir a mhéid a bhaineann lena ndoiciméadacht theicniúil.
|
|
Airteagal 12 9.
|
Na sonraí sa chuid sin den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh, caithfear leo i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (
11
). Go háirithe, beidh feidhm ag na socruithe sonracha cibearshlándála i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 (
12
) ón gCoimisiún agus ag a rialacha cur chun feidhme. Léireofar sa leibhéal rúndachta an díobháil iarmhartach a thagann as nochtadh na sonraí do dhaoine neamhúdaraithe.
|
|
Airteagal 12 10.
|
Beidh rochtain agus cearta eagarthóireachta ag an soláthróir ar an bhfaisnéis a chuir sé sa bhunachar sonraí táirgí de bhun Airteagal 4(1) agus (2). Coimeádfar taifead ar na hathruithe a rinneadh ag dul siar, chun críocha faireachais margaidh, agus taifead á choinneáil ar na dátaí a ndearnadh eagarthóireacht orthu, má rinneadh.
|
|
Airteagal 12 11.
|
Na custaiméirí sin a bhaineann úsáid as an gcuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí, beidh siad in ann an aicme fuinnimh is fearr do gach grúpa táirgí a shainaithint go héasca agus ar an gcaoi sin beidh siad in ann saintréithe na múnlaí a chur i gcomparáid agus na táirgí is mó éifeachtúlacht fuinnimh acu a roghnú.
|
|
Airteagal 12 12.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, mionsonraí oibríochta an bhunachair shonraí táirgí a shonrú. Tar éis dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1369
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|