+Airteagal 6d Faireachán agus forfheidhmiú
---+Airteagal 6d 1.
---+Airteagal 6d 2.
---+Airteagal 6d 3.
---+Airteagal 6d 4.
---+Airteagal 6d 5.
---+Airteagal 6d 6.
---+Airteagal 6d 7.

Airteagal 6d Faireachán agus forfheidhmiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6d 1.
Tuairisceoidh na hoibreoirí córais stórála an leibhéal líonta, mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a, don údarás inniúil i ngach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann lonnaithe agus, más infheidhme, d’eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát sin (“an t-eintiteas ainmnithe”).
Airteagal 6d 2.
Déanfaidh an t-údarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach Ballstáit, faireachán ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ina gcríocha ag deireadh gach míosa agus tuairisceoidh siad gach mí na torthaí don Choimisiún gan moill mhíchuí. Cuirfidh an t-údarás inniúil faisnéis san áireamh maidir leis an sciar gáis de thionscnamh na Rúise atá á stóráil sa Bhallstát sin mar chuid de thoilleadh oibre na saoráidí stórála, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) cuidiú le faireachán den sórt sin.

Airteagal 6d 3.
De réir na faisnéise arna soláthar ag an údarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach Ballstáit, tuairisceoidh an Coimisiún go rialta do GCG.
Airteagal 6d 4.
Tabharfaidh CGC cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar na conairí líonta agus ar na spriocanna líonta, agus forbróidh sé treoir don Choimisiún maidir le bearta leormhaithe chun ailíniú níos fearr a áirithiú i gcás ina n-imíonn na Ballstáit ó na conairí líonta a dhéanann dochar don sprioc líonta a bhaint amach, nó chun a áirithiú go mbainfear amach an sprioc líonta. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an sásra comhiomlánaithe éilimh agus ceannaigh chomhpháirtigh arna chur ar bun le Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle ( 6 ).
Airteagal 6d 5.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an sprioc líonta a bhaint amach agus chun na hoibleagáidí stórála a cheanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhorfheidhmiú chun an sprioc líonta a bhaint amach, lena n-áirítear trí smachtbhannaí atá sách athchomhairleach agus fíneálacha a fhorchur ar na rannpháirtithe sa mhargadh sin. Tá an méid sin gan dochar do ról an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an Rialacháin seo agus é a áirithiú, lena n-áirítear maidir le treoraíocht a thabhairt do na Ballstáit ina n-iarrachtaí an mhír seo a chur chun feidhme.
Airteagal 6d 6.
I gcás ina bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de le malartú, féadfaidh an Coimisiún cruinnithe de GCG a thionól i bhformáid atá teoranta dó féin agus do na Ballstáit.
Airteagal 6d 7.
Aon fhaisnéis a mhalartófar, beidh sí teoranta don mhéid a bhfuil gá léi chun críche faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo.

Caomhnóidh an Coimisiún, na húdaráis rialála náisiúnta agus na Ballstáit rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a gheofar chun críocha a n-oibleagáid a chomhlíonadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.