+Airteagal 13a 2.

Airteagal 13a 2.

Féadfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht faoi Airteagal 13 iarraidh ar ranníocaíocht dheonach a sheoladh ar bhonn bearta margadhbhunaithe go comhuaineach chuig Ballstát amháin eile nó níos mó atá nasctha go hindíreach chun an tairiscint nó an teaglaim is buntáistí de thairiscintí a lorg, ar bhonn chostas, luas seachadta, iontaofacht agus éagsúlú na soláthairtí gáis de bhun Airteagal 13(4).

Déanfar iarrataí de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo a chur faoi bhráid na mBallstát a bhfuil nasc indíreach acu agus a d’fhéadfadh a bheith in ann toirteanna gáis a sholáthar ar bhonn bearta deonacha, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Áireofar sna hiarrataí sin ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(8b).

Na Ballstáit a gheobhaidh an iarraidh de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo, tabharfaidh siad freagra don Bhallstát iarrthach, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), ar an eolas laistigh de 18 n-uair an chloig, agus cuirfidh siad in iúl an féidir leo tairiscint a dhéanamh le haghaidh toirteanna gáis ar bhonn bearta deonacha. Áireofar sa fhreagra ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(8a). Féadfaidh na Ballstáit freagairt trína léiriú nach bhfuil siad in ann rannchuidiú le bearta margadhbhunaithe a úsáid.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.