+Airteagal 13a Comhar idir na Ballstáit a bhfuil nasc indíreach acu agus a úsáideann bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha)
---+Airteagal 13a 1.
---+Airteagal 13a 2.
---+Airteagal 13a 3.
---+Airteagal 13a 4.
---+Airteagal 13a 5.

Airteagal 13a Comhar idir na Ballstáit a bhfuil nasc indíreach acu agus a úsáideann bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13a 1.
Gan dochar do phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina rannchuideoidh na Ballstáit atá nasctha go hindíreach trí Bhallstát eile agus a bhfuil iarraidh ar ranníocaíocht dheonach faighte acu de bhun mhír 2 den Airteagal seo leis na toirteanna gáis arna n-iarraidh a sholáthar de bhun Airteagal 13(1) nó (2), agus úsáid á baint acu as bearta deonacha dá dtagraítear in Airteagal 13(3), pointe (c).
Airteagal 13a 2.
Féadfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht faoi Airteagal 13 iarraidh ar ranníocaíocht dheonach a sheoladh ar bhonn bearta margadhbhunaithe go comhuaineach chuig Ballstát amháin eile nó níos mó atá nasctha go hindíreach chun an tairiscint nó an teaglaim is buntáistí de thairiscintí a lorg, ar bhonn chostas, luas seachadta, iontaofacht agus éagsúlú na soláthairtí gáis de bhun Airteagal 13(4).

Déanfar iarrataí de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo a chur faoi bhráid na mBallstát a bhfuil nasc indíreach acu agus a d’fhéadfadh a bheith in ann toirteanna gáis a sholáthar ar bhonn bearta deonacha, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), 48 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta gáis atá sonraithe. Áireofar sna hiarrataí sin ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(8b).

Na Ballstáit a gheobhaidh an iarraidh de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo, tabharfaidh siad freagra don Bhallstát iarrthach, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), ar an eolas laistigh de 18 n-uair an chloig, agus cuirfidh siad in iúl an féidir leo tairiscint a dhéanamh le haghaidh toirteanna gáis ar bhonn bearta deonacha. Áireofar sa fhreagra ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(8a). Féadfaidh na Ballstáit freagairt trína léiriú nach bhfuil siad in ann rannchuidiú le bearta margadhbhunaithe a úsáid.

Airteagal 13a 3.
Nuair nach sroicheann suim na dtoirteanna gáis a tháinig as na tairiscintí de bhun Airteagal 13(1) agus (2) agus na dtairiscintí de bhun an Airteagail seo na toirteanna a cheanglaítear, roghnófar go huathoibríoch tairiscintí de bhun an Airteagail seo.

Nuair is mó suim na dtoirteanna gáis de thoradh na dtairiscintí de bhun Airteagal 13(1) agus (2) agus na dtairiscintí de bhun an Airteagail seo ná na toirteanna a éilítear, cuirfear tairiscintí de bhun an Airteagail seo san áireamh le linn roghnú na dtairiscintí de bhun Airteagal 13(4), agus déanfaidh an Ballstát iarrthach, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit uile lena mbaineann, an tairiscint is buntáistí, nó meascán de thairiscintí i measc tairiscintí de bhun Airteagal 13 nó an Airteagail seo, a lorg ar bhonn costais, luas seachadta, iontaofachta agus éagsúlaithe. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit iarrthacha ranníocaíochtaí faoin Airteagal seo, laghdófar an iarraidh de bhun Airteagal 13(1) agus (2) dá réir sin.

Cuirfidh an Ballstát iarrthach in iúl do na Ballstáit lena mbaineann cé na toirteanna a roghnaigh sé laistigh de 6 huaire an chloig tar éis dó an tairiscint a fháil agus ar a laghad 24 uair an chloig roimh an am seachadta gáis atá luaite.

Airteagal 13a 4.
I gcás ina soláthraíonn Ballstát atá nasctha go hindíreach ranníocaíocht dheonach ar bhonn bearta margadhbhunaithe don Bhallstát iarrthach de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, ní rachaidh cúiteamh cóir thar chostais réasúnacha agus féadfar na costais dá dtagraítear in Airteagal 13(8a), an dara fomhír, a áireamh leis. Beidh méid deiridh an chúitimh chóir faoi réir an tsásra rialaithe ex post a thuairiscítear in Airteagal 13(8c).
Airteagal 13a 5.
Comhoibreoidh oibreoirí córais tarchuir na mBallstát lena mbaineann agus malartóidh siad faisnéis trí úsáid a bhaint as an gCóras ReCo don Ghás arna bhunú ag ENTSOG de bhun Airteagal 3(6), chun an acmhainn idirnaisc atá ar fáil a shainaithint laistigh de 6 huaire an chloig tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát nó ón gCoimisiún. Cuirfidh ENTSOG an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.